Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 15 Samhain 2023 –PL v an Coimisiún

(Cás T-790/21) 1

(Seirbhís shibhialta — Oifigigh — Aistriú ar mhaithe na seirbhíse — Cinneadh le héifeacht chúlghabhálach arna ghlacadh chun breithiúnais bhreithiúnacht an Aontais a chur chun feidhme — Airteagal 266 CFAE — Airteagal 22a agus Airteagal 22c de na Rialacháin Foirne — Mírialtacht an nós imeachta réamhdhlíthíochta — Prionsabal an dea-riaracháin — An ceart chun éisteacht a fháil — Prionsabal na neamhchlaontachta — Tréimhse ama réasúnta — Dualgas cúraim — Dliteanas — Damáiste neamhábhartha)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: PL (ionadaí: N. de Montigny, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Brauhoff agus L. Vernier, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, cinneadh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh an 16 Feabhra 2021 a chur ar neamhní, lenar chuathas ar aghaidh lena aistriú le héifeacht chúlghabhálach go dtí an Ardstiúrthóireacht (AS) ‘Soghluaiseacht agus Iompar’ ón 1 Eanáir 2013 chomh maith le cinneadh an 16 Meán Fómhair 2021 lena ndiúltaítear go páirteach dá ghearán agus, ar an dara dul síos, iarrann sé cúiteamh ar an damáiste ábhartha agus neamhábhartha a mhaíonn sé a bheith fulaingthe aige.

An chuid oibríochtúil

Ordaítear don Choimisiún Eorpach cúiteamh EUR 3000 a íoc le PL;

Díbhtear cuid eile na caingne;

Ordaítear don Choimisiún a chostais féin a íoc agus leath na gcostas arna dtabhú ag PL a íoc, agus ordaítear do PL an leath eile dá chostais a íoc.

____________

1 IO C 73, 14.2.2022.