Ordú na Cúirte Ginearálta an 26 Deireadh Fómhair 2023 – an Chipir v EUIPO – Kolios (HALLOUMAKI)
(Cás T-594/22) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Nós imeachta freasúra – Tarraingt siar an iarratas ar chlárú – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Poblacht na Cipire (ionadaithe: S. Malynicz, Abhcóide, agus C. Milbradt, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Gája, Gníomhaire)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Kolios AE Elliniki Viomichania Galaktos (Kilkis, an Ghréig)
Ábhar
Lena caingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann Poblacht na Cipire go gcuirfí ar neamhní an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 20 Meitheamh 2022 (Cás R 19/2022-5).
An chuid oibríochtúil
Ní gá breith a thabhairt ar an gcaingean a thuilleadh.
Ordaítear do Phoblacht na Cipire a costais féin, chomh maith leis na costais arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a íoc.
____________
1 IO C 432, 14.11.2022.