Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 6 Márta 2024 – Genmab A/S
(Cás C-181/24, Genmab)
Teanga an cháis: an Ungáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Fővárosi Törvényszék
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Genmab A/S
Cosantóir: Szellemi Tulajdon Nemzeti Hivatala
An cheist a tharchuirtear:
An gcaithfear Airteagal 3(b) agus (d) de Rialachán (CE) Uimh. 469/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 an 6 Bealtaine 2009 maidir leis an deimhniú forlíontach cosanta le haghaidh táirgí íocshláinte a léiriú ar chaoi nach mór údarú margaíochta a bhí ann roimh an údarú margaíochta a luaitear san iarratas ar dheimhniú forlíontach cosanta agus ina dtagraítear don táirge céanna, a mheas mar an chéad údarú margaíochta chun críocha an Rialacháin sin, fiú i gcás inar tarraingíodh an t-údarú roimh ré siar sular cuireadh isteach an t-iarratas ar an deimhniú?
____________
1 IO 2009, L 152, lch. 1.