Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 24 Lúnasa 2023 ag Polwax S.A. i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meitheamh 2023 i gCás T-585/20, Polwax v an Coimisiún

(Cás C-541/23 P)

Teanga an cháis: an Pholainnis

Páirtithe

Achomharcóir: Polwax S.A. (ionadaithe: M. Taborowski agus P. Hoffman, Adwokaci)

Páirtithe eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach, ORLEN S.A., ar a dtugtaí Polski Koncern Naftowy Orlen S.A. roimhe seo.

An t-ordú atá á lorg

breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 14 Meitheamh 2023 i gCás T-585/20 Polwax v an Coimisiún a chur ar neamhní ina iomláine;

Cinneadh an Choimisiúin Eorpaigh an 14 Iúil 2020 i gCás M.9014 1 a chur ar neamhní, agus a ordú don Choimisiún Eorpach a chostais féin agus costais an achomharcóra a íoc agus don idirghabhálaí a chostais féin a íoc;

mar mhalairt air sin, má mheasann an Chúirt Bhreithiúnais nach gceadaíonn staid na n-imeachtaí di breithiúnas críochnaitheach a thabhairt,

an cás a tharchur ar ais chuig Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh le haghaidh athbhreithniú agus na costais a fhorchoimeád.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Chun tacú leis an achomharc, maíonn an t-achomharcóir naoi saincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus earráid mheasúnaithe fhollasach agus gur shaobh sí seasamh an achomharcóra trína chinneadh gur faoin achomharcóir a bhí sé, mar pháirtí leasmhar, “fianaise thromchúiseach” a léiriú maidir le fadhb iomaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann i gcás nár cheart an critéar sin a chur i bhfeidhm, agus trína cheangal ar an achomharcóir “fianaise thromchúiseach” a léiriú a léireodh nach féidir na táirgí a ndearna an Coimisiún scrúdú orthu sa mhargadh réamhtheachtach (margadh na céarach boige) a chur in ionad a chéile ó thaobh éilimh nó soláthair de, d’ainneoin nach n-eascraíonn oibleagáid den sórt sin ar thríú páirtithe ó Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais. Ina theannta sin, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí mhainneachtain anailís a dhéanamh ar dhinimic na ndeighleog éagsúil den mhargadh réamhtheachtach agus trí ghlacadh le mainneachtain éifeachtach an Choimisiúin cúiseanna a shonrú don chinneadh nach raibh an margadh réamhtheachtach neamh-chomhtháite ná deighilte.

Leis an dara saincheist dlí, maíonn an t-achomharcóir gur shaobh an Chúirt Ghinearálta seasamh an achomharcóra agus, dá bhrí sin, gur mhainnigh sí scrúdú a dhéanamh ar ghearán an achomharcóra maidir leis an sainmhíniú ar an margadh iartheachtach (margadh na gcéaracha pairifín) agus, thairis sin, gur ghlac sí le mainneachtain éifeachtach an Choimisiúin cúiseanna a shonrú don chinneadh nach raibh an margadh réamhtheachtach neamh-chomhtháite ná deighilte.

Leis an tríú saincheist dlí, maíonn an t-achomharcóir gur shaobh an Chúirt Ghinearálta gearán an achomharcóra maidir leis an tábhacht a bhaineann le céir bhog allmhairithe le haghaidh na hiomaíochta ar an margadh agus go ndearna sé, dá bhrí sin, measúnú dlíthiúil mícheart ar ghearáin an achomharcóra.

Leis an gceathrú saincheist dlí, maíonn an t-achomharcóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráidí measúnaithe follasacha ina measúnú ar éifeachtaí eacnamaíocha an chomhchruinnithe trína chinneadh go hearráideach follasach nach raibh sé de chumas ag Orlen ná an dreasacht aige laghdú a dhéanamh ar sholáthar na céarach boige sa Pholainn agus gurbh fhéidir céir bhog allmhairithe a chur in ionad na céarach boige.

Leis an gcúigiú saincheist dlí, maíonn an t-achomharcóir gur shaobh an Chúirt Ghinearálta áititheoireacht an achomharcóra trína maíomh nár cháin sé an Coimisiún as neamhaird a thabhairt ar an bhfíoras nach raibh Orlen ina iomaitheoir féideartha ag Lotos.

Leis an séú saincheist dlí, maíonn an t-achomharcóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus go rinne sí neamhaird ar an gcásdlí a bhí aici roimhe sin trí mheasúnú a dhéanamh ar chomhchruinniú i bhfianaise na dTreoirlínte maidir le measúnú ar chomhchruinnithe neamhchothrománacha faoin Rialachán ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais 1 (“treoirlínte maidir le measúnú a dhéanamh ar chomhchruinnithe neamhchothrománacha”), cé nach bhfuil feidhm ag na treoirlínte sin maidir le comhchruinnithe a bhfuil dlúthbhaint ag a n-éifeachtaí ingearacha lena ndiminsean cothrománach, ar chaoi gur cheart measúnú a dhéanamh ar chomhchruinniú i margadh na céarach boige, ar cumasc idir Lotos agus Orlen atá i gceist, i bhfianaise na dTreoirlínte maidir le measúnú a dhéanamh ar chomhchruinnithe cothrománacha faoin Rialachán ón gComhairle maidir le comhchruinnithe idir gnóthais a rialú 2 .

Leis an seachtú saincheist dlí, maíonn an t-achomharcóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta roinnt earráidí measúnaithe follasacha i gcur i bhfeidhm na dtreoirlínte sin, fiú dá measfaí na treoirlínte maidir le measúnú a dhéanamh ar chomhchruinnithe neamhchothrománacha a bheith infheidhme maidir leis an measúnú ar an gcomhchruinniú atá faoi cheist.

Leis an ochtú saincheist dlí, maíonn an t-achomharcóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus í ag diúltú d’iarratas an achomharcóra tuarascáil ó shaineolaí a fháil agus lena dearbhú go dtéann iarratas an achomharcóra thar chuspóir an ordú fiosrúcháin.

Leis an naoú saincheist dlí, maíonn an t-achomharcóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trína chinneadh nach mbaineann na himthosca tar éis ghlacadh an chinnidh atá faoi chonspóid leis an measúnú ar an gcomhchruinniú ar aon chor, cé go léirítear leis na himthosca sin go raibh réasúnú an Choimisiúin sa Chinneadh earráideach.

____________

1 Cinneadh ón gCoimisiún an 14 Iúil 2020 lena ndearbhaítear go luíonn comhchruinniú leis an margadh inmheánach agus le Comhaontú LEE (Cás M.9014 – PKN Orlen/Grupa Lotos) ((a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad  C(2020) 4651) IO 2021, C 196, lch. 8).

1 IO 2008, C 265, lch. 6.

1 IO 2004, C 31, lch. 5.