Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Rechtbank Amsterdam (an Ísiltír) a taisceadh an 26 Deireadh Fómhair 2023 – Barántas gabhála Eorpach i gcoinne YM: páirtí eile: Openbaar Ministerie

(Cás C-641/23, Dubers 1 )

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Rechtbank Amsterdam

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Duine ar eisíodh an barántas gabhála Eorpach ina choinne: YM

Páirtí eile sna himeachtaí: Openbaar Ministerie

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcuirtear cosc le hAirteagal 17(4) agus (7) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB, 1 , arna léamh i gcomhar le hAirteagal 267 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar Bhallstát an fhoráil sin a thrasuí ar bhealach nach féidir le húdarás breithiúnach forghníomhaitheach nach féidir gnáthachomharc a dhéanamh i gcoinne a chinntí an teorainn ama 90 lá chun cinneadh a ghlacadh chun a rún a chur i gcrích ceisteanna a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh laistigh den teorainn ama sin, agus chun na críche sin amháin, agus é an toradh air sin go gceanglaítear ar an údarás sin cinneadh a ghlacadh maidir le forghníomhú barántais gabhála Eorpaigh gan na ceisteanna sin a tharchur?

An gcuirtear cosc le hAirteagal 5(3) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 18 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, de réir mar a bheidh, i gcomhar le hAirteagal 20 agus 21(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ar Bhallstát an fhoráil sin a thrasuí ar chaoi gur féidir tabhairt suas chun críche ionchúisimh cónaitheoirí an Bhallstáit fhorghníomhaithaigh a chur faoi réir ráthaíocht fillte sa chás go bhfuil dlínse ag an mBallstát sin i leith na ngníomhartha dá n-iarrtar tabhairt suas chun críche ionchúisimh, agus sa chás sin amháin, agus é de thoradh air sin nach gcomhlíontar an coinníoll sin mura bhfuil na gníomhartha sin ina gcionta faoi dhlí an Bhallstáit sin, sa chás nach leagann an Ballstát sin síos an coinníoll céanna maidir lena náisiúnaigh féin?

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 2: An gcuirtear cosc le hAirteagal 9(1) agus Airteagal 9(1)(d) de Chinneadh Réime 2008/909/CGB 1 , arna léamh i gcomhar le hAirteagal 25 den Chinneadh Réime sin agus le hAirteagal 4(1) agus Airteagal 5(3) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB, air a bheith trasuite ag Ballstát a chuir Airteagal 7(4) de Chinneadh Reime 2008/909/CGB i bhfeidhm, sa chaoi seo a leanas:

tar éis don údarás breithiúnach forghníomhaitheach tabhairt suas a dheonú don Bhallstát eisiúna chun críoch ionchúisimh faoi réir ráthaíocht fillte i dtaobh gnímh amhail é sin dá dtagraítear in Airteagal 2(4) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB nach bhfuil inphionóis faoi dhlí an Bhallstáit forghníomaithigh, ach ar tharscaoil an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach diúltú don tabhairt suas ina leith ar an bhforas sin,

nach mór d’údaráis eile den Bhallstát forghníomhaitheach (mar Stát forghníomhaitheach) nó go bhféadfaidh siad, ar an bhforas nach bhfuil an gníomh sin inphionóis faoi dhlí an Bhallstáit fhorghníomhaithigh (mar Stát forghníomhaitheach), aithint nó forghníomhú na pianbhreithe nó an ordaithe coinneála arna fhógairt i leith an ghnímh sin sa Bhallstát eisiúna a dhiúltú ina dhiaidh sin agus nach mór dóibh diúltú nó go bhféadfaidh siad diúltú do chur i bhfeidhm na pianbhreithe nó an ordaithe coinneála arna fhógairt don ghníomh sin sa Bhallstát eisiúna agus nach mór dóibh nó go bhféadfaidh siad diúltú don ráthaíocht fillte a chur chun feidhme?

____________

1 Tugtar ainm bréige sa chás seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 Cinneadh Réime ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (IO 2002 L 190, lch. 1).

1     Cinneadh Réime 2008/909/CGB ón gComhairle an 27 Samhain 2008 maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm ar bhreithiúnais in ábhair choiriúla lena bhforchuirtear pianbhreitheanna coimeádta nó bearta a bhaineann le cailleadh saoirse chun iad a fhorfheidhmiú san Aontas Eorpach (IO 2008 L 327, lch. 27).