Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón College van Beroep voor het bedrijfsleven (an Ísiltír) a taisceadh an 28 Feabhra 2024 – Nederlandse Voedsel- en Warenautoriteit agus páirtithe eile v Stichting Rookpreventie Jeugd

(Cás C-155/24, Nederlandse Voedsel- en Warenautoriteit agus páirtithe eile)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

College van Beroep voor het bedrijfsleven

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Nederlandse Voedsel- en Warenautoriteit Staatssecretaris van Volksgezondheid, Welzijn en Sport, Philip Morris Benelux BV, Philip Morris Investments BV, JT International Company Netherlands BV, Vereniging Nederlandse Sigaretten- & Kerftabakfrabikanten, Van Nelle Tabak Nederland BV, British American Tobacco International (Holdings) BV

Cosantóir: Stichting Rookpreventie Jeugd

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40/AE 1 le léiriú sa chaoi nach féidir caighdeáin ISO nach bhfoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, gan eisceacht, a fhorghníomhú i gcoinne daoine aonair, lena n-áirítear an Fhondúireacht, fiú más rud é go raibh an duine aonair in ann teacht ar na caighdeáin sin agus iad a fháil (i gcoinne íocaíochta)?

An bhfuil neamh-infhorghníomhaitheacht Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40/AE i gcoinne daoine aonair, a mhéid a thagraíonn an fhoráil sin do chaighdeáin ISO nár foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, le tuiscint sa chaoi nach gceadaítear diúltú don cheart chun uasleibhéil astaíochtaí le haghaidh tarra, nicitín agus aonocsaíd charbóin a leagtar síos in Airteagal 3(1) den Treoir a chomhlíonadh?

An bhfuil an nath ‘arna gcaitheamh chun na críche atá beartaithe’ a áirítear sa sainmhíniú ar ‘astaíochtaí’ in Airteagal 2(21) de Threoir 2014/40/AE le léiriú sa chaoi go bhfuil sé le bheith chomh gar agus is féidir do chaitheamh tobac ag an duine daonna, agus sa chás sin go mbeadh le cur san áireamh sa tomhas clúdach páirteach ar a laghad de mhicreaphoill aerála an scagaire toitín agus/nó méid agus minicíocht na toite, nó an amhlaidh nach dtagraíonn an nath sin ach don mhodh chun toitíní a chaitheamh trí phróiseas dócháin?

Más rud é, i bhfianaise an fhreagra ar Cheist 3, nach bhfuil caighdeáin ISO dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40/AE iomchuí chun leibhéil astaíochta a thomhas: (a) an gciallaíonn ardleibhéal cosanta sláinte poiblí, go háirithe do dhaoine óga, a áirítear ar chuspóirí Threoir 2014/40/AE, nach gcuirtear cosc leis na prionsabail maidir le deimhneacht dhlíthiúil agus beachtas dlíthiúil an dlí is infheidhme ar mhodh malartach tomhais a fhorghníomhú i gcoinne monaróirí tobac?

Más rud é, ag féachaint do na prionsabail maidir le deimhneacht dhlíthiúil agus beachtas dlíthiúil an dlí is infheidhme, gur freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 4(a):

(b) an údaraítear do na Ballstáit féin modh tomhais a bhunú nó a chur i bhfeidhm, cibé acu go sealadach nó ar bhonn eile, agus an modh tomhais malartach sin a fhorghníomhú i gcoinne monaróirí tobac (freisin), agus

(c) cén bhaint atá ag cur i bhfeidhm an mhodha mhalartaigh tomhais le comhchuibhiú (uasta) agus feidhmiú feabhsaithe an mhargaidh inmheánaigh, a áiríonn Treoir 2014/40/AE i measc a cuspóirí?

(a) I gcás ina bhfuil modh malartach tomhais le cur i bhfeidhm, an bhfuil na huasleibhéil astaíochta in Airteagal 3(1) de Threoir 2014/40/AE fós infheidhme go huile is go hiomlán?

Más freagra diúltach a thabharfar ar Cheist 5(a):

(b) an údaraítear do na Ballstáit féin uasleibhéil astaíochtaí a ghlacadh nó a chur i bhfeidhm, cibé acu go sealadach nó ar bhonn eile, agus iad a fhorghníomhú i gcoinne monaróirí tobac (freisin), agus

(c) cén bhaint atá ann idir cur i bhfeidhm na n-uasleibhéal astaíochtaí le comhchuibhiú (uasta) agus feidhmiú feabhsaithe an mhargaidh inmheánaigh, a áirítear i measc chuspóirí Threoir 2014/40/AE?

(a) Má tá na Ballstáit údaraithe chun modh malartach tomhais a ghlacadh nó a chur chun feidhme agus más féidir an modh sin a fhorghníomhú i gcoinne monaróirí tobac, sa chás sin, an gciallaíonn ardleibhéal cosanta sláinte poiblí, go háirithe do dhaoine óga, a áirítear i measc chuspóirí Threoir 2014/40/AE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 23(2) den Treoir, go gcaithfear toitíní ar an margadh san Ísiltír a tharraingt siar ón margadh sa chás sin go dtí go mbeidh modh nua tomhais leagtha síos, sa chaoi nach féidir a chinneadh an gomhlíonann na toitíní arna gcaitheamh chun na críche atá beartaithe na huasleibhéil astaíochta?

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 6(a):

(b) an bhfuil idirthréimhse i gceist maidir le monaróirí tobac sa chás sin?

Más rud é gur bunaíodh nó gur cuireadh chun feidhme modh tomhais malartach, cibé acu an ndearnadh é sin i gcomhar le huasleibhéil mhalartacha astaíochtaí nó nach ndearnadh, an bhfuil monaróirí tobac i dteideal idirthréimhse sa chás sin inar féidir leo dul in oiriúint don mhodh malartach tomhais agus d’aon uasleibhéil mhalartacha astaíochtaí?

____________

1 Treoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le monarú, cur i láthair agus díol táirgí tobac agus táirgí gaolmhara agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/37/CE (IO 2014 L 127, lch. 1).