Language of document :

Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 27 Márta 2023 – Cogebi agus Cogebi v an Chomhairle

(Cás T-782/22 R)

(Nós imeachta eatramhach – An Comhbheartas Eachtrach agus Slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh maidir le gníomhaíochtaí na Rúise chun an staid san Úcráin a dhíchobhsú – Toirmeasc ar earraí a ghineann ioncam suntasach don Rúis a cheannach, a allmhairiú nó a aistriú, go díreach nó go hindíreach san Aontas – Iarratas ar bhac forghníomhaithe – Sárú ar cheanglais fhoirmiúla – Do-ghlacthacht)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Cogebi (Beersel, an Bheilg), Cogebi, a.s. (Tábor, Poblacht na Seice) (ionadaí: H. over de Linden, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Bishop agus E. Nadbath, Gníomhairí)

Ábhar

Lena n-iarratas de bhun Airteagail 278 agus 279 CFAE, iarrann na hiarratasóirí bac ar fhorghníomhú Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/1904 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO 2022 L 259 I, lch. 3), a mhéid a leasaíonn sé Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO 2014 L 229, lch. 1), trí chód AC 6814 a thabhairt isteach sa liosta earraí agus teicneolaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3i de Rialachán Uimh. 833/2014.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don iarratas ar bhearta eatramhacha.

Forchoimeádtar na costais.

____________