Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 18 Eanáir 2024 – ROSAS Logisztikai Kft. v Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága
(Cás C-33/24, ROSAS)
Teanga an cháis: an Ungáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Fővárosi Törvényszék
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: ROSAS Logisztikai Kft.
Cosantóir: Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága
An cheist a tharchuirtear:
Maidir le hAirteagal 173(3) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, 1 an bhfuil léiriú le déanamh amhail go bhfuil cead ag ionadaí custaim indírigh – a aithnítear ar an gcaoi sin mar thoradh ar earráid ábhartha, agus é ag feidhmiú mar dhearbhóir custaim, dearbhú custaim a cheartú, a taisceadh agus a fíoraíodh cheana féin i ndiaidh na n-earraí i gceist a scaoileadh chun saorchúrsaíochta, ionas go ndéantar ionadaí díreach de tríd an gcód um stádas an ionadaí a athrú?
____________
1 IO 2013 L 269, lch. 1.