Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) an 25 Meán Fómhair 2023 – CG agus YN v Pelham GmbH agus páirtithe eile

(Cás C-590/23, Pelham)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: CG, YN

Cosantóir: Pelham GmbH, SD, UP

Na ceisteanna a tharchuirtear

An riail de chineál iarmharach í an riail lena sainítear na teorainneacha le cóipcheart a bhaineann le húsáid chun críoch paistíse de réir bhrí Airteagal 5(3)(k) de Threoir 2001/29/CE 1 sa chaoi go gcuimsítear ar aon nós freagairt ealaíne ar shaothar nó ábhar eile tagartha atá ann cheana, lena n-áirítear i bhfoirm samplála? An bhfuil critéir shriantacha i gceist chun go mbeidh paistís ann, amhail go mbeidh greann, aithris ar stíl nó ómós á chur in iúl?

An gceanglaítear le húsáid “chun críoch” paistíse de réir bhrí Airteagal 5(3)(k) de Threoir 2001/29 go gcaithfear a chinneadh go bhfuil rún ag an úsáideoir an t-ábhar atá faoi chosaint cóipchirt a úsáid chun críoch paistíse nó an leor bhfuil an phaistís inaitheanta ag daoine a aithníonn an t-ábhar atá faoi chosaint cóipchirt dá dtagraítear agus a bhfuil an cumas acu an phaistís a thuiscint?

____________

1     Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus cearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise (IO 2001 L 167, lch. 10).