Language of document :

Ordú na Cúirte Ginearálta an 13 Nollaig 2023 – LAICO v an Chomhairle

(Cás T-629/22) 1

(An comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh in aghaidh Libia – Liosta daoine agus eintitis a bhfuil feidhm ag reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha leo – Ainm an iarratasóra a bhaint den liosta daoine lena mbaineann – Dul in éag ábhar na díospóide – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Libyan African Investment Company (LAICO) (Tripilí, an Libia) (ionadaithe: A. Bahrami agus N. Korogiannakis, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M.-C. Cadilhac, Gníomhaire, le cabhair ó B. Maingain, Dlíodóir)

Ábhar:

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní, ar an gcéad dul síos, Cinneadh cur chun feidhme (CBES) 2022/1315 ón gComhairle an 26 Iúil 2022, lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2015/1333 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia (IO 2022 L 198, lch. 19), sa mhéid is go gcoinnítear a ainm ar liosta na n-eintiteas a leagtar amach in iarscríbhinn IV a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2915/1333 ón gComhairle an 31 Iúil 2015, a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/137/CBES (IO 2015 L 206, lch. 34) agus, ar an dara dul síos, rialachán cur chun feidhme (AE) 2022/1308 ón gComhairle an 26 Iúil 2022, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2016/44 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia (IO 2022 L 198, lch. 1), sa mhéid is go gcoinnítear a ainm ar liosta na n-eintiteas a leagtar amach in iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 an 18 Eanáir 2016 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011 (IO 2016 L 12, lch. 1).

An chuid oibríochtúil

1.    Ní gá a thuilleadh don chaingean dul ar aghaidh chun breithiúnais.

2.    Ordaítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais a íoc.

____________

1     IO C 451 28.11.2022.