Language of document :

Ordú na Cúirte Ginearálta an 11 Nollaig 2023 – Nieß v EUIPO – Thema Products (Gartenlux)

(Cás T-753/22) 1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Gartenlux – Ainm cuideachta agus ainm gnó roimhe seo GARTENLUX – Foras coibhneasta le diúltú – Airteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Andrea Nieß (Kempen, an Ghearmáin) (ionadaí: A. Erlenhardt, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) (ionadaithe: A. Ringelhann agus D. Stoyanova-Valchanova, Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Thema Products BV (Venlo, an Ísiltír)

Ábhar

Lena caingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 13 Meán Fómhair 2022 (Cás R 608/2022-2) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.

____________

1 IO C 24, 23.1.2023