Language of document :

Caingean arna tabhairt an 25 Márta 2024 – DG v Europol agus Eurojust

(Cás T-167/24)

Teanga an cháis: an Ollainnis

Páirtithe

Iarratasóir: DG (ionadaí J. Reisinger, Dlíodóir)

Cosantóir: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta,

i gcomhréir le hAirteagal 268 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 340 CFAE, damáistí de mhéid EUR 15 000 as an damáiste a bhain leis an gComhaontú lena mbunaítear Foireann Chomhpháirteach um Imscrúdú na Beilge agus na Fraince agus na hÍsiltíre a síníodh an 15 Nollaig 2019 agus na gníomhartha gaolmhara de chuid Europol agus Eurojust a dhámhachtain;

a ordú don chosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Tá caingean an iarratasóra i gcoinne ghníomhaíochtaí Europol agus Eurojust i gcomhthéacs oibríocht ‘Sky ECC’ bunaithe ar cheithre shaincheist dlí, atá comhionann nó cosúil leo siúd a ardaíonn i gCás T-1180/23, BW/Europol agus Eurojust 1 .

____________

1 IO C/2024/2046, 18.3.2024.