Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 17 Aibreán 2024 – Svenska Bankföreningen agus Länsförsäkringar Bank v an Coimisiún
(Cás T-112/22) 1
(Státchabhair – Reachtaíocht Chánach na Sualainne – Cáin riosca sistéamach na hinstitiúidí creidmheasa – Cinneadh gan agóid a dhéanamh – Cineál roghnaitheach – Cuspóir an bhirt – Maolú ar an gcóras tagartha)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Ideella föreningen Svenska Bankföreningen med firma Svenska Bankföreningen, Näringsverksamhet (Stócólm, an tSualainn), Länsförsäkringar Bank AB (Stócólm) (ionadaithe: P. Hansson, M. Eriksson, M. Persson agus A. Andersson, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: F. Tomat agus A. Steiblytė, Gníomhairí)
Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: Ríocht na Sualainne (ionadaithe: C. Meyer-Seitz, A. Runeskjöld, F.-L. Göransson, H. Shev, H. Eklinder agus R. Shahsavan Eriksson, Gníómhairí)
Ábhar
Lena gcaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí Cinneadh COM(2021) 8637 final ón gCoimisiún Eorpach an 24 Samhain 2021, a bhaineann leis an Stáitchabhair SA.56348 (2021/N) – an tSualainn: cáin Shualannach ar institiúidí creidmheasa, ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Díbhtear don chaingean.
Ordaítear do Ideella föreningen Svenska Bankföreningen med firma Svenska Bankföreningen, Näringsverksamhet agus Länsförsäkringar Bank AB a gcostais féin, chomh maith leis na costais a thabhaigh an Coimisiún Eorpaigh, a íoc.
Ordaítear do Ríocht na Sualainne a cuid costais féin a íoc.
____________
1 IO C 191, 10.5.2022