Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Administrativen sad Sofia-oblast a taisceadh an 6 Deireadh Fómhair 2023 – NOV ZHIVOT 1919 NCh v Rakovoditel na Upravlyavashtia organ na programata za transgranichno satrudnichestvo INTERREG-IPP Bulgaria-Serbia 2014-2020 i direktor na direktsia ‘Upravlenie na teritorialnoto satrudnichestvo’ v Ministerstvo na regionalnoto razvitie i blagoustroystvoto

(Cás C-620/23, NOV ZHIVOT 1919)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Administrativen sad Sofia-oblast

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: NOV ZHIVOT 1919 NCh

Cosantóir: Rakovoditel na Upravlyavashtia organ na programata za transgranichno satrudnichestvo INTERREG-IPP Bulgaria-Serbia 2014-2020 i direktor na direktsia ‘Upravlenie na teritorialnoto satrudnichestvo’ v Ministerstvo na regionalnoto razvitie i blagoustroystvoto

Na ceisteanna a tharchuirtear

An é nach gcuirtear cosc le hAirteagal 40 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh.447/2014 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II) 1 , i gcásanna comhoibrithe trasteorann idir Ballstát agus tairbhí na hIonstraime Réamhaontachais (IPA II) don tréimhse 2014/2020, ar cheartúchán airgeadais a fhorchur ar oibreoir eacnamaíoch a líomhnaítear go raibh sé i mbun iompar neamhdhleathach ar neamhrialtacht é ach nach é an príomhtairbhí agus dá bhrí sin nach é an páirtí a ghlac freagracht as an tionscadal iomlán a chur chun feidhme?

Más freagra dearfach a thabharfar ar an gcéad cheist, le hAirteagail 41 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, i gcásanna comhoibrithe trasteorann den sórt sin, an ráthaítear ceart an phríomhthairbhí chun páirt a ghlacadh sa nós imeachta maidir le cinneadh a dhéanamh i ndáil le ceartúchán airgeadais a fhorchur agus sna himeachtaí breithiúnacha lena ndéantar agóid i gcoinne an ghnímh riaracháin, gan beann ar a shuíomh i dtaca leis an údarás atá freagrach faoin gclár ábhartha comhoibrithe trasteorann chun an ceartúchán airgeadais a fhorchur, agus an gceadaítear leis na forálacha dá dtagraítear teorainneacha amhail iad siúd dá bhforáiltear i gcásdlí na gcúirteanna náisiúnta sna príomhimeachtaí, lena gcuirtear teorainn leis na roghanna rannpháirtíochta sin?

____________

1 IO 2014 L 132, lch. 32.