Caingean arna tabhairt an 15 Feabhra 2024 – UU v Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
(Cás T-84/24)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: UU (ionadaí: S. Makoumbou, Dlíodóir)
Cosantóir: Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid agus, dá bhrí sin, na cinntí a rinne sí roimhe sin a chur ar neamhní;
cúiteamh a thabhairt do dhamáiste ábhartha agus neamhábhartha an iarratasóra a mheastar a bheith ex aequo et bono ag EUR 200000;
a ordú don chosantóir na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean i gcoinne chinneadh Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 14 Nollaig 2023 lenar diúltaíodh dá hiarraidh ar athbhreithniú ar roinnt cinntí roimhe seo, maíonn an t-iarratasóir cheithre shaincheist dlí.
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua.
An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal an dea-riaracháin.
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach mheasúnaithe i gcothromaíocht na leasanna atá i gceist, earráid dlí i léiriú agus i gcur i bhfeidhm Airteagal 17(4) de Rialachán 2018/17251 agus, mar mhalairt air sin, pléadáil neamhdhleathachta na forála sin.
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta.
____________
1 Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh 1247/2002/CE (IO 2018 L 295, lch. 39).