Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation (an Bheilg) a taisceadh an 28 Samhain 2023 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne AR

(Cás C-722/23, Rugu) 1

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour de cassation

Páirtithe sna príomhimeachtaí

AR

Páirtí atá i gceist

Ministère Public

Ceisteanna le haghaidh réamhrialú

Má chinneann cúirteanna an Bhallstáit fhorghníomhaithigh de barántas gabhála Eorpach, i gcás ina ndéantar an duine iarrtha a thabhairt suas don Bhallstát eisiúna, go bhfuil baol ann go sárófaí cearta bunúsacha an duine sin, maidir le forghníomhú an phionóis eachtrannaigh, a mhéid is gur cheart forghníomhú barántais gabhála Eorpaigh a dhiúltú, agus má mheasann na cúirteanna sin go bhfuil cónaí ar an duine a bhfuiltear sa tóir air sa Stát sin, an údaraítear le hAirteagal 4, mír 6, de Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mBarántas Gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit 1 , do chúirteanna an Bhallstáit fhorghníomhaithigh, a chinneadh ina dhiaidh sin, ar bhonn na forála lenar trasuíodh Airteagal 4, mír 6 den Chinneadh Réime sa dlíchóras náisiúnta, gur cheart an phianbhreith a forchuireadh sa Bhallstát eisiúna, dá dtagraítear sa bharántas, a chaitheamh sa Bhallstát forghníomhaitheach?

____________

1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 IO 2002, L 190, lch. 1.