Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 28 Feabhra 2022 – LACD GmbH v BB Sport GmbH & Co. KG

(Cás C-133/22)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir: LACD GmbH

Cosantóir: BB Sport GmbH & Co. KG

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhféadfadh ceanglais nach mbaineann le comhréireacht de bhun bhrí Airteagail 2(14) de Threoir 2011/83/AE 1 nó aon cheanglais eile nach mbaineann le comhréireacht de réir bhrí Airteagal 2(12) de Threoir (AE) 2019/771 2 a bheith ann i gcás ina bhfuil tionchar ar ghealltanas an ráthóra ag imthosca a bhaineann go sainiúil leis an tomhaltóir, go háirithe lena dhearcadh i leith an earra ceannaithe (sá chás seo, a shásta is atá an tomhaltóir leis an earra ceannaithe), gan gá go mbainfeadh na himthosca pearsanta sin le bail nó gnéithe an earra ceannaithe?

Má thabharfar freagra dearfach ar Cheist 1:

An gcaithfear a bheith in ann a fhionnadh nach bhfuil aon cheanglas ann de bhun na n-imthosca a bhaineann go sainiúil leis an tomhaltóir (sa chás seo, a shásta is atá an tomhaltóir leis na hearraí ceannaithe) i bhfianaise imthosca oibiachtúla?

____________

1 Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2011 L 304, lch. 64).

1 Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO 2019 L 136, lch. 28), arna ceartú (IO 2019 L 305, lch. 62 agus IO 2020 L 86, lch 18).