Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Feabhra 2024 – Dendiki v EUIPO – D-Market (hepsiburada)

(Cás T-172/23) 1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘hepsiburada’ – Dearbhfhorais neamhbhailíochta – Meon mímhacánta – Airteagal 52(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 59(1) (b) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Dendiki BV (Roosendaal, an Ísiltír) (ionadaithe: N. Ruyters agus A. Klomp, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Gája, Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: D-Market Elektronik Hizmetler ve Ticaret Anonim Sirketi (Iostanbúl, an Tuirc) (ionadaithe: I. Robledo McClymont agus M. Hernández Gázquez, Dlíodóirí)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 24 Eanáir 2023 (Cás R 639/2021-4) a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do Dendiki BV a chostais féin, agus na costais arna dtabhú ag D-Market Elektronik Hizmetler ve Ticaret Anonim Sirketi, a íoc.

Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin a íoc.

____________

1     IO C 179, 22.5.2023.