Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 18 Feabhra 2022 ag Dyson Ltd, Dyson Technology Ltd, Dyson Operations Pte Ltd, Dyson Manufacturing Sdn Bhd, Dyson Spain, SL, Dyson Austria GmbH, Dyson sp. z o.o., Dyson Ireland Ltd, Dyson GmbH, Dyson, Dyson Srl, Dyson Sweden AB, Dyson Denmark ApS, Dyson Finland Oy, Dyson BV i gcoinne Ordú na Cúirte Ginearálta (an Seachtú Dlísheomra) a fógraíodh an 8 Nollaig 2021 i gCás T-127/19, Dyson agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás C-122/22 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóirí: Dyson Ltd, Dyson Technology Ltd, Dyson Operations Pte Ltd, Dyson Manufacturing Sdn Bhd, Dyson Spain, SL, Dyson Austria GmbH, Dyson sp. z o.o., Dyson Ireland Ltd, Dyson GmbH, Dyson, Dyson Srl, Dyson Sweden AB, Dyson Denmark ApS, Dyson Finland Oy, Dyson BV (ionadaithe: E. Batchelor, T. Selwyn Sharpe agus M. Healy, Dlíodóirí)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarann na hachomharcóirí ar an gCúirt:

An breithiúnas atá faoi chonspóid a neamhniú ina iomláine;

A rialú go ndearna an Coimisiún sárú sách tromchúiseach ar dhlí an Aontais Eorpaigh agus an t-iarratas ar dhamáistí a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta; agus

A ordú don Choimisiún a chostais féin agus costais Dyson a íoc i ndáil leis na himeachtaí seo agus leis na himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Ar an gcéad dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta cur síos mícheart ar shaincheisteanna Dyson agus níor luaigh sí a réasúnaíocht. Díríodh saincheist Dyson ar earráid thromchúiseach agus fhollasach an Choimisiúin, agus air sin amháin i. gur roghnaigh sé an t-aon mhodh tástála ba léir a bheith lasmuigh dá rogha féin, is é sin tástáil gan deannach ar bith. Níor thug an Chúirt Ghinearálta aghaidh ar an tsaincheist sin;

Ar an dara dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid agus an cásdlí maidir le sárú sách tromchúiseach á chur i bhfeidhm aici, a mhéid nár thug sí tábhacht chinntitheach dá conclúid gur sháraigh an Coimisiún ceanglas neamhroghnach faoi Airteagal 10 den Mháthairthreoir;

Ar an tríú dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta an dlí maidir le sárú a bhí sách tromchúiseach a chur i bhfeidhm go mícheart agus rinne sí cur síos mícheart ar an bhfianaise trí theacht ar an gconclúid gur tháinig deacrachtaí léirmhínithe as an tsonraíocht “le linn úsáide” sa Mháthairthreoir;

Ar an gceathrú dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta an dlí maidir le sárú sách tromchúiseach a chur i bhfeidhm go mícheart trí theacht ar an gconclúid gur tháinig castacht rialála as an tsonraíocht “le linn úsáide” sa Mháthairthreoir;

Ar an gcúigiú dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta an dlí maidir le sárú sách tromchúiseach a chur i bhfeidhm go mícheart trí theacht ar an gconclúid nach raibh aon earráid thromchúiseach agus fhollasach maidir le sárú an Choimisiúin ar bhunphrionsabal na córa comhionainne;

Ar an séú dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta an dlí maidir le sárú sách tromchúiseach a chur i bhfeidhm go mícheart trí theacht ar an gconclúid nach raibh aon earráid thromchúiseach agus fhollasach maidir le sárú an Choimisiúin ar bhunphrionsabail an riaracháin fhónta agus/nó gníomhú go dícheallach;

Ar an seachtú dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta an dlí maidir le sárú a bhí sách tromchúiseach a chur i bhfeidhm go mícheart trí theacht ar an gconclúid nach raibh aon earráid thromchúiseach agus fhollasach maidir le sárú an Choimisiúin ar bhunphrionsabal an chirt chun trádáil nó gnó a shaothrú.

____________