Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 24 Bealtaine 2023 – Ryanair v an Coimisiún (an Iodáil; scéim cabhrach; COVID-19)

(Cás T-268/21)1

(Státchabhair – Margadh aeriompair na hIodáile – Scéim cúitimh d’aerlínte i seilbh ceadúnais arna eisiúint ag údaráis na hIodáile – Cinneadh gan agóid a dhéanamh – Cúiteamh beartaithe le damáiste mar thoradh ar theagmhas eisceachtúil a leigheas – Oibleagáid cúiseanna a lua)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Ryanair DAC (Sord, Éire) (ionadaithe: E. Vahida, F.-C. Laprévote, V. Blanc, S. Rating, I.-G. Metaxas-Maranghidis agus D. Pérez de Lamo, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Flynn, C. Georgieva agus F. Tomat, Gníomhairí)

Idiragraithe ag tacú leis an gcosantóir: Neos SpA (Somma Lombardo, an Iodáil), Blue panorama airlines SpA (Somma Lombardo), Air Dolomiti SpA – Linee aeree regionali Europee (Villafranca de Verona, an Iodáil) (ionadaithe: M. Merola agus A. Cogoni, Dlíodóirí)

Ábhar

Lena chaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfear Cinneadh C(2020) 9625 final ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2020, maidir le Státchabhair SA.59029 (2020/N) – an Iodáil – COVID-19: Scéim cúitimh d’aerlínte i seilbh ceadúnais arna eisiúint ag údaráis na hIodáile ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Cuirtear Cinneadh C(2020) 9625 final ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2020, maidir le Státchabhair SA.59029 (2020/N) – an Iodáil – COVID-19: Scéim cúitimh d’aerlínte i seilbh ceadúnais arna eisiúint ag údaráis na hIodáile ar neamhní.

Ordaítear don Choimisiún a chostais féin a íoc chomh maith leis na costais arna dtabhú ag Ryanair DAC.

Ordaítear do Neos SpA, Blue panorama airlines SpA agus Air Dolomiti SpA – Linee aeree regionali Europee a gcostais féin a íoc.

____________

1     IO C 252, 28.6.2021.