Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Civile di Padova (an Iodáil) a taisceadh an 13 Iúil 2023 – KV v Consiglio nazionale delle Ricerche
(Cás C-439/23, Consiglio nazionale delle Ricerche)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunale Civile di Padova
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: KV
Cosantóir: Consiglio nazionale delle Ricerche
An cheist a tharchuirtear
An gcaithfear Clásal 4(1) de Threoir 1999/70/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 maidir leis an gComhaontú Réime maidir le hobair téarma shocraithe a thug ETUP, UNICE agus CEEP i gcrích a chur i bhfeidhm1 :
– ratione temporis maidir le caidrimh fostaíochta ar théarma socraithe arna mbunú agus arna dtabhairt i gcrích ar dhul in éag don tréimhse chonarthach roimh theacht i bhfeidhm Threoir 1999/70/CE (10.7.1999);
– ratione temporis maidir le caidrimh fostaíochta ar théarma socraithe arna mbunú ar bhonn conartha fostaíochta aonair a rinneadh roimh theacht i bhfeidhm Threoir 1999/70/CE (10.7.1999) agus a tugadh i gcrích mar thoradh ar dhul in éag don tréimhse chonarthach ar dháta idir teacht i bhfeidhm na treorach agus dul in éag na tréimhse a cheadaítear do na Ballstáit chun í a thrasuí (10 Iúil 2001); nó
– ratione temporis maidir le caidrimh fostaíochta ar théarma socraithe arna mbunú ar bhonn conartha fostaíochta aonair a rinneadh idir teacht i bhfeidhm Threoir 1999/70/CE (10 Iúil 1999) agus dul in éag na tréimhse a cheadaítear do na Ballstáit chun í a thrasuí (10 Iúil 2001) agus a tugadh chun críche mar thoradh ar dhul in éag don tréimhse conartha tar éis an dáta deiridh sin?
____________
1 IO 1999 L 175, lch. 43.