Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Curtea de Apel Braşov (an Rómáin) a taisceadh an 30 Aibreán 2024 – Imeachtaí coiriúla in aghaidh P.P.R.

(Cás C-318/24, Breian 1 )

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Curtea de Apel Braşov

An duine is ábhar do bharántas gabhála Eorpach

P.P.R.

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.    An féidir Airteagal 15(1) de Chinneadh Réime 2002/584, arna leasú le Cinneadh Réime 2009/299 1 , a léiriú sa chaoi go bhfuil an t-údarás res judicata i gcoinne údaráis bhreithiúnaigh fhorghníomhaitheach Ballstáit eile ag an mbreithiúnas críochnaitheach ar chinneadh an údaráis bhreithiúnaigh fhorghníomhaithigh chun diúltú don duine iarrtha a thabhairt suas, nó an gcaithfear é a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leis ar [athrá] an iarraidh ar thabhairt suas ar bhonn an bharántais ghabhála Eorpaigh chéanna i gcás ina bhfuil deireadh tagtha leis na fachtóirí a chuir bac ar fhorghníomhú barántas gabhála Eorpach roimhe sin nó i gcás nach raibh an cinneadh lena ndiúltaítear an barántas gabhála Eorpach sin a fhorghníomhú i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh ar choinníoll nach sárófar Airteagal 1(3) de Chinneadh Réime 2002/584 de thoradh barántas gabhála Eorpach nua a fhorghníomhú agus go bhfuil athrá na hiarrata ar thabhairt suas cóir, i gcomhréir le léiriú Chinneadh Réime 2002/584 le breithiúnas an 31 Eanáir 2023 [(Puig Gordi agus páirtithe eile (C-158/21)) (mír 141 agus freagra ar an an séú ceist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú)]?

2.    An féidir Airteagal 1(3) de Chinneadh Réime 2002/584 arna leasú le Cinneadh Réime 2009/299, arna léamh i gcomhar leis an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt) [a léiriú] sa chaoi nach bhféadfaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach diúltú barántas Eorpach a fhorghníomhú [a eisítear chun críche an phianbhreith a fhorghníomhú] nuair, i gcomhthéacs fhíorú na hoibleagáide cearta an duine a urramú sa nós imeachta chun barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú, maidir leis an gceart chun trialach córa, ó thaobh an cheanglais ar chúirt arna bunú le dlí dá bhforáiltear sa dara mír d’Airteagal 47 den Chairt, thángthas ar neamhrialtachtaí le linn do chomhaltaí phainéil bhreithiúna na cúirte an mionn a ghlacadh [a d’fhógair breithiúnas an chiontuithe], gan cur isteach ar údaráis phoiblí eile i bpróiseas ceapacháin breithiúna a cheistiú?

3.    An féidir Airteagal 1(3) de Chinneadh Réime 2002/584 arna leasú le Cinneadh Réime 2009/299, arna léamh i gcomhar leis an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt a léiriú sa chaoi a chiallaíonn i gcás ina n-éilíonn duine is ábhar do bharántas gabhála Eorpach go ndéanfaí neamhaird ar a c(h)eart chun trialach córa dá dtabharfaí suas don Bhallstát eisiúna iad, ní féidir le cinneadh ón gCoimisiún le haghaidh Rialú na gComhad Interpol, lena dtagraítear go díreach do chás an duine sin, údar a thabhairt ann féin do dhiúltú an údaráis bhreithiúnaigh fhorghníomhaitheach an barántas gabhála Eorpach atá i gceist a fhorghníomhú? Ach an bhféadfaidh an chúirt sin ina ionad sin cinneadh den sórt sin a chur san áireamh, i measc fachtóirí eile, chun a mheasúnú an bhfuil easnaimh shistéamacha nó ghinearálaithe ann i bhfeidhmiú chóras breithiúnach an Bhallstáit sin nó easnaimh a dhéanann difear do chosaint bhreithiúnach grúpa daoine atá inaitheanta go hoibiachtúil lena mbaineann an duine sin?

4.    An féidir Airteagal 15(1) de Chinneadh Réime 2002/584, arna leasú le Cinneadh Réime 2009/299, a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leis ar iarraidh ar thabhairt suas an duine arna iarraidh sin a athrá ar bhonn an bharántais ghabhála Eorpaigh chéanna, [ar diúltaíodh dá fhorghníomhú] ag cúirt fhorghníomhaithe de chuid Ballstáit ar dtús, os comhair cúirte forghníomhaithe eile de chuid Ballstáit eile, i gcás ina gcinnfidh an t-údarás breithiúnach eisiúna féin nach raibh an cinneadh roimhe sin chun an barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh, mar thoradh ar chleachtas breithiúnach reatha na Cúirte Breithiúnais nó mar gheall ar sin amháin gur cuireadh ceist faoi bhráid na Cúirte le haghaidh réamhrialú ar léiriú dhlí an Aontais Eorpaigh is infheidhme sa chás sin?

5.    An bhfuil prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, dá bhforáiltear in Airteagal 1(2) den Chinneadh Réime, mar aon le prionsabail na muiníne frithpháirtí agus an chomhair dhílis, dá bhforáiltear sa chéad  fhomhír d’Airteagal 4(3 CAE, i gcomhar leis an ngá atá le cosaint bhreithiúnach éifeachtach chearta na ndaoine a bhfuil baint acu leis na himeachtaí a áirithiú, lena gceadaítear leo seo go léir freisin i ndáil le hAirteagal 15 agus le hAirteagal 19 de Chinneadh Réime 2002/584, d’údaráis bhreithiúnacha an Bhallstáit eisiúna (ionadaí díreach a bheith ag an gcúirt eisiúna [a bhfuil ionadaíocht á déanamh ag an gcúirt sin] nó, ar chuireadh ón gcúirt sin, comhlachtaí breithiúnacha eile amhail giúistís idirchaidrimh, comhalta náisiúnta Eurojust nó ionchúisitheoir an Bhallstáit eisiúna), a bheith rannpháirteach go díreach, trí iarrataí a dhéanamh, trí fhianaise a thairiscint agus [páirt a ghlacadh] i ndíospóireachtaí breithiúnacha, in imeachtaí breithiúnacha chun an Barántas Gabhála Eorpach a fhorghníomhú, arna dhéanamh ag an údarás breithiúnach forghníomhaitheach, chomh maith le leigheas dlíthiúil a úsáid i gcoinne an chinnidh maidir le diúltú tabhairt suas - ar choinníoll go bhfuil leigheas dlíthiúil ar fáil, agus, más amhlaidh, i gcomhréir le dlí baile an Bhallstáit fhorghníomhaitheach - ar bhonn, agus ag cloí le, p(h)rionsabal na coibhéise?

6.    An féidir Airteagal 17(1) CAE maidir le cúraimí an Choimisiúin, i bhfianaise Chinneadh Réime 2002/584, a léiriú a sa chaoi go bhféadfar cúraimí an Choimisiúin maidir le leas ginearálta an Aontais a chur chun cinn trí thionscnaimh iomchuí a ghlacadh chuige sin agus a chúraimí a bhaineann le maoirseacht ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais Eorpaigh a áirithiú a fheidhmiú maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, reisin ar iarratas ón údarás breithiúnach a eisíonn an barántas gabhála Eorpach, i gcás ina measann an t-údarás deireanach sin go gcuirfeadh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach an barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú i gcontúirt mhór phrionsabail na muiníne frithpháirtí agus an chomhair dhílis, ionas go ndéanfaidh an Coimisiún na bearta a mheasfaidh sé is gá i gcomhréir leis na cúraimí sin agus i neamhspleáchas iomlán.

7.    An gcaithfear Airteagal 1(3) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit arna leasú le Cinneadh Réime 2009/299/CGB ón gComhairle an 26 Feabhra 2009, i gcomhar le hAirteagal 4 den Chairt maidir le cóir mhídhaonna nó táireach a thoirmeasc, a léiriú sa chaoi a chiallaíonn nach bhféadfaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach, le linn dó na coinníollacha coinneála sa Bhallstát eisiúna a scrúdú, diúltú don bharántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú ar bhonn faisnéise nár cuireadh ar an eolas don údarás breithiúnach eisiúna agus nach raibh deis ag an údarás breithiúnach eisitheach faisnéis bhreise a sholáthar ina leith i gcomhréir le hAirteagal 15(2) agus (3) de Chinneadh Réime agus, ar an taobh eile, nach bhféadfaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach caighdeán níos airde ná an caighdeán dá bhforáiltear sa Chairt a chur i bhfeidhm agus gan na rialacha dá dtagraíonn sé a shonrú go beacht, go háirithe maidir leis na ceanglais i gcúrsaí coinneála amhail soláthar ‘plean beacht chun an phianbhreith a fhorghníomhú’, ‘critéir bheachta chun réimeas forghníomhaithe sonrach a bhunú’ agus ráthaíochtaí maidir le neamh-idirdhealú mar gheall ar ‘staid atá uathúil agus íogair go háirithe’?

____________

1      Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1      Cinneadh Réime 2002/475 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit (IO 2002 L 190, lch. 1) arna leasú le Cinneadh Réime 2009/299 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 (IO 2009 L 81, lch. 24).