Language of document :

Caingean arna tabhairt an 23 Feabhra 2024 – Companhia Siderúrgica Nacional agus Lusosider-Aços Planos v an Coimisiún

(Cás T-110/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Companhia Siderúrgica Nacional (São Paolo, an Bhrasaíl), Lusosider Aços Planos SA (Seixal, an Phortaingéil) (ionadaithe: L. Catrain González, F. Pili agus S. Seeuws, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2758 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí comhréidhe teo-rollta áirithe atá déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach chóimhiotail eile de thionscnamh Phoblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle, Phoblacht Ioslamach na hIaráine agus Chónaidhm na Rúise i ndiadh athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, 1 a chur ar neamhní ina iomláine nó a mhéid a bhaineann sé leis na hiarratasóirí;

a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí ceithre shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear gur theip ar an gCoimisiún an bunús dlí cheart a úsáid chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí comhréidhe teo-rollta iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail áirithe de thionscnamh Phoblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle, Phoblacht Ioslamach na hIaráine agus Chónaidhm na Rúise isteach san Aontas. Chuaigh an Coimisiún thar raon feidhme Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 (bun-Rialachán) tríd an Úcráin a eisiamh ó na dleachtanna frithdhumpála chinntitheach agus trí neamhaird a thabhairt ar an athrú ó bhonn teacht ar na himthosca ó na bearta bunaidh. Maíonn na hiarratasóirí gur chóir don Choimisiún athbhreithniú eatramhach a thionscnamh de bhun Airteagal 11(3) den bhun-Rialachán in éineacht le hathbhreithniú éaga faoi Airteagal 11(2). Sa chomhthéacs sin, ba chóir don Choimisiún athrú ar na himthosca ó fhorchur na mbeart bunaidh a tharla dá thoradh tionchar ábhartha smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise agus bearta coimirce maidir le hallmhairiú táirgí faoi imscrúdú. Is sárú tromchúiseach é earráid an Choimisiúin ar dhlí an Aontais, a mhéid a sháraítear leis, ar dtús, forálacha agus bunphrionsabail an bhun-Rialacháin arna léiriú i bhfianaise rialacha an Aontais agus prionsabal dlí idirnáisiúnta d’athrú ó bhonn teacht ar na himthosca; agus, anuas air sin, le ceart bunúsach na n-iarratasóirí chun dea-riaracháin faoi dhlí an Aontais.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear gur bunaíodh measúnú an Choimisiúin ar na coinníollacha chun na bearta bunaidh a leathnú, i ndáil leis an scúdú maidir leis an dóchúlacht go gcuirfí tús arís leis an díobháil ach go háirithe, ar earráidí measúnuithe follasacha maidir leis na fíorais ábhartha a chuir an Rialachán atá faoi chonspóid ó bhail.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear go mboilscíonn measúnú éagothrom an Choimisiúin ar dhíolacháin faoi chuing agus ar dhíolacháin neamhchuingeacha na Brasaíle le díolacháin neamhchuingeacha an Aontais an sciar den mhargadh a bhfuil ag táirgí Brasaíleach san Aontas go saorga. Dá bharr sin, chinn an Coimisiún trí dhearmad gur dócha go gcuirfí tús arís leis an díobháil a tharla de bharr allmhairí na Brasaíle. Tríd an méid sin a dhéanamh, déanann an Coimisiún Eorpach idirdhealú gan bonn cirt idir táirgí na Brasaíle agus táirgí arna monarú ag táirgeoirí an Aontais.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear nach gcloíonn an Rialachán atá faoi chonspóid le caighdeáin réasúnaíochta a leagtar amach in Airteagal 296 CFAE.

____________

1 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2758 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí comhréidhe teo-rollta áirithe, atá déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach chóimhiotail de thionscnamh Phoblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle, Phoblacht Ioslamach na hIaráine agus Chónaidhm na Rúise i ndiadh athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 2023/2758, 13.12.2023).

1 Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (IO 2016 L 176, lch. 21).