Ordú na Cúirte Ginearálta an 10 Deireadh Fómhair 2023 – Casino, Guichard-Perrachon v an Coimisiún
(Cás T-538/19) 1
(Iomaíocht – Cairtéil – Cinneadh ón gCoimisiún lena n-ordaítear iniúchadh – Aistarraingt an ghnímh atá faoi chonspóid – Díospóid atá tagtha chun bheith in éagmais cuspóra – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Casino, Guichard-Perrachon (Saint-Étienne, an Fhrainc) (ionadaithe: I. Simic agus Y. Boubacir, Dlíodoírí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: P. Berghe agus I. Rogalski, Gníomhairí)
Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: O. Segnana agus A.-L. Meyer, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an Cinneadh C(2019) 3761 ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2019 lena n-ordaítear dó agus do gach cuideachta faoina riail díreach nó indíreach dul faoi iniúchadh i gcomhréir le hAirteagal 20(1) agus (4) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle (AT.40466 – Tute 1) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Ní gá rialú a dhéanamh ar an gcaingean a thuilleadh.
Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin chomh maith leis na costais arna dtabhú ag Casino, Guichard-Perrachon a íoc.
Ordaítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh a costais féin a íoc.
____________
1 IO C 328, 30.9.2019.