Language of document :

Ordú na Cúirte Ginearálta an 11 Deireadh Fómhair 2023 – Monthisa Residencial v an Coimisiún

(Cás T-484/14) 1

(Caingean le haghaidh neamhniú – Státchabhair – Cabhair arna deonú ag údaráis na Spáinne i bhfabhar grúpáil um leas eacnamaíoch áirithe (GLE) agus a n-infheisteoirí – Scéim chánach is infheidhme maidir le comhaontuithe léasa airgeadais áirithe chun longa a cheannach (córas léasa cánach na Spáinne) – Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil cuid den chabhair neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus lena n-ordaítear a aisghabháil i bpáirt – Sárú ar cheanglais nós imeachta – Do-ghlacthacht fhollasach pháirteach – Cineál roghnaitheach – Éifeacht ar thrádáil idir na Ballstáit – Sárú ar an iomaíocht – Ionchas dlisteanach – Deimhneacht dhlíthiúil – Caingean atá i bpáirt gan aon bhunús dlí go follasach)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Monthisa Residencial, SA (Maidrid, an Spáinn) (ionadaithe: F. de Artíñano Rodríguez de Torres agus J. Martínez Muro, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Carpi Badía agus P. Němečková, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an Cinneadh 2014/200/AE ón gCoimisiún an 17 Iúil 2023 maidir le Státchabhair SA.21233 C/11 (ex NN/11, ex CP 137/06) arna chur chun feidhme ag an Spáinn – Scéim chánach is infheidhme maidir le comhaontuithe léasa airgeadais, ar a dtugtar freisin “córas léasa cánach na Spáinne” (IO 2014 L 114, lch. 1) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean toisc í a bheith, i bpáirt, doghlactha go follasach agus, i bpáirt, gan bhunús go follasach.

Ordaítear do Monthisa Residencial, SA na costais a íoc.

____________

1     IO C 261, 11.8.2014.