Language of document :

Ordú na Cúirte Ginearálta an 23 Deireadh Fómhair 2023 – Ryanair agus Airport Marketing Services v an Coimisiún

(Cás T-833/17) 1

(Státchabhair – Cabhair arna deonú ag an Iodáil d’aerfoirt na Sairdíne as oibleagáidí seirbhíse poiblí – Cinneadh lena ndearbhaítear nach bhfuil an chabhair ag luí leis an margadh inmheánach go páirteach – Cúlghairm an ghnímh atá faoi chonspóid – Díospóid atá tagtha chun bheith in éagmais cuspóra – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Ryanair DAC (Sord, Éire), Airport Marketing Services Ltd (Baile Átha Cliath, Éire) (ionadaithe: E. Vahida, I. G. Metaxas Maranghidis, S. Rating, Dlíodóirí, agus B. Byrne, Aturnae)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe; L. Armati, D. Grespan agus S. Noë, Gníomhairí)

Idiragraí mar thaca leis an gcosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Maceroni agus A. L. Meyer, Gníomhairí)

Ábhar:

Lena gcaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go ndéanfaí Cinneadh (AE) 2017/1861 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2016 maidir le státchabhair SA.33983 (2013/C) (ex 2012/NN) (ex 2011/N) – an Iodáil – Cúiteamh d’aerfoirt na Sairdíne as oibleagáidí seirbhíse poiblí (SGEI) (IO 2017, L 268, lch. 1) a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann sé leis na hiarratasóirí.

An chuid oibríochtúil

Níl gá le breith a thabhairt ar an gcaingean a thuilleadh.

Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin a íoc mar aon leo sin arna dtabhú ag Ryanair DAC agus Airport Marketing Services Ltd.

Ordaítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh a costais féin a íoc.

____________

1     IO C 63, 19.2.2018.