Ordú na Cúirte Ginearálta an 10 Deireadh Fómhair 2023 – Les Mousquetaires agus ITM Entreprises v an Coimisiún
(Cás T-539/19) 1
(Iomaíocht – Cairtéil – Cinneadh ón gCoimisiún lena n-ordaítear iniúchadh – Aistarraingt an ghnímh atá faoi chonspóid – Díospóid atá tagtha chun bheith in éagmais cuspóra – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóirí: Les Mousquetaires (Páras, an Fhrainc), ITM Entreprises (Páras) (ionadaithe: N. Jalabert-Doury, K. Mebarek agus B. Chemama, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: P. Berghe agus I. Rogalski, Gníomhairí)
Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: O. Segnana agus A.-L. Meyer, Gníomhairí)
Ábhar
Lena gcaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí, ar an gcéad dul síos, go ndéanfaí an Cinneadh C(2019) 3762 final ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2019, lena n-ordaítear do Mousquetaires agus gach cuideachta faoina riail díreach nó indíreach dul faoi iniúchadh i gcomhréir le hAirteagal 20(1) agus (4) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle (AT.40466 – Tute 1) a chur ar neamhní, agus ar an dara dul síos, go ndéanfaí roinnt cinntí arna nglacadh ag an gCoimisiún Eorpach, lena n-áirítear cinneadh an 18 Meitheamh 2019 chun leanúint ar aghaidh leis an iniúchadh, a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. Ní gá a thuilleadh rialú a thabhairt ar an gcaingean.
2. Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin, chomh maith leis na costais sin arna dtabhú ag Les Mousquetaires agus ITM Entreprises, a íoc.
3. Ordaítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh a costais féin a íoc.
____________
1 IO C 328, 30.9.2019.