Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 17 Lúnasa 2023 ag Sanity Group GmbH i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Dara Dlísheomra) a tugadh an 7 Meitheamh 2023 i gCás T- T-541/22, Sanity Group v EUIPO - AC Marca Brands

(Cás C-533/23 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Sanity Group GmbH (ionadaí: B. Koch, Rechtsanwalt)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh, AC Marca Brands, SL

Le hordú an 15 Nollaig 2023, chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár cheart ligean don achomharc dul ar aghaidh agus d’ordaigh sí don achomharcóir a chostais féin a íoc.

    

____________