Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Administratīvā apgabaltiesa (an Laitvia) a taisceadh an 2 Feabhra 2024 – AS Gaso agus AS Conexus Baltic Grid v Sabiedrisko pakalpojumu regulēšanas komisija

(Cás C-87/24, Gaso agus Conexus Baltic Grid)

Teanga an cháis: an Laitvis

An chúirt a rinne an tarchur

Administratīvā apgabaltiesa

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: AS Gaso, AS Conexus Baltic Grid

Cosantóir: Sabiedrisko pakalpojumu regulēšanas komisija (‘an t-údarás rialála’)

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An gcuirtear cosc le hAirteagal 41(8) de Threoir 2009/73/CE 1 ar riail náisiúnta nach bhforchuirtear an oibleagáid ar an údarás rialála léi údar a thabhairt, agus taraifí á ríomh aige nó modheolaíochtaí á mbunú aige, leis an gcaoi a ráthaítear dreasacht iomchuí d’oibreoirí córais tarchuir agus dáileacháin, sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma, chun cur le héifeachtúlacht, chun comhtháthú sa mhargadh agus seasmhacht an tsoláthair a chur chun cinn agus chun tacú le gníomhaíochtaí taighde lena mbaineann?

An bhfuil sé i gcomhréir le hAirteagal 41(8) de Threoir 2009/73/CE léiriú a dhéanamh ar riail náisiúnta amhail go bhforáiltear léi do dhreasacht iomchuí sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma a ráthú, chun cur le héifeachtúlacht, chun comhtháthú sa mhargadh agus seasmhacht an tsoláthair a chur chun cinn agus chun tacú le gníomhaíochtaí taighde lena mbaineann, i gcás nach mbaineann íocaíocht na dtaraifí arna déanamh ag úsáideoirí ach le costais seirbhíse poiblí lena bhfuil údar eacnamaíoch agus lena ráthaítear íosleibhéal brabúsachta ar a laghad?

An bhfuil riail náisiúnta i gcomhréir leis na cuspóirí arna sainiú in Airteagal 41(8) de Threoir 2009/73/CE nuair nach bhforáiltear inti go gcuirfear san áireamh, fad a shocraítear ‘dreasacht iomchuí sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma’ chomh maith le dreasachtaí ‘chun comhtháthú sa mhargadh, seasmhacht an tsoláthair agus gníomhaíochtaí taighde a chur chun cinn’, na prionsabail arna nglacadh san earnáil airgeadais leis an meánráta ualaithe toraidh ar chaipiteal a shocrú, ar prionsabail iad lena gcuirtear san áireamh gnóthais inchomparáide atá ag feidhmiú sa saormhargadh?

Agus léiriú á dhéanamh ar na coincheapa ‘toradh iomchuí ar infheistíochtaí’ de réir bhrí Airteagal 13 [de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009] 1 agus ‘dreasachtaí don infheistíocht’ chun críocha Airteagal 41 de Threoir 2009/73, an gcaithfidh an t-údarás rialála gabháil le coincheap an mhéanráta ualaithe toraidh ar chaipiteal (meánchostas ualaithe an chaipitil) agus leis an modheolaíocht a bhfuil glactha leis san earnáil airgeadais chun an ráta sin a shocrú?

Má thugtar freagra dearfach ar an gceist roimhe seo, an féidir leis an údarás rialála claonadh go dlisteanach ó leas a bhaint as an modheolaíocht a bhfuil glactha leis san earnáil airgeadais agus meánráta ualaithe toraidh ar chaipiteal á shocrú aige, agus an ráta sin a choigeartú mar is cuí leis?

Má thugtar freagra dearfach ar an gceist roimhe seo, an féidir leis an údarás rialála an meánráta ualaithe toraidh ar chaipiteal a choigeartú go dlisteanach, ionas go gcuirtear biseach méide bunaithe ar chostais iasachta na ngnóthas eile i ngeilleagar an Bhallstáit san áireamh ina mhodh ríofa?

Má thugtar freagra dearfach ar Cheist 4., an féidir leis an údarás rialála an meánráta ualaithe toraidh ar chaipiteal a choigeartú go dlisteanach, ionas nach gceanglaítear air an méadú ar tháinig ar bhoilsciú le linn na tréimhse taraife roimhe sin a chúiteamh leis an oibreoir córais tarchurtha agus stórála gáis nádúrtha?

Má thugtar freagra dearfach ar Cheist 5., agus i gcás nach n-aontaíonn oibreoir an chórais le méid an mheánráta toraidh ar chaipiteal arna mholadh ag an údarás rialála nó leis na bunúis atá leis, an gcaithfidh an t-údarás rialála, fad a shocraítear meánráta ualaithe toraidh ar chaipiteal (meánchostas ualaithe an chaipitil), dul i muinín tríú páirtí neamhspleách chun measúnú a dhéanamh ar mhéid iomchuí an ráta sin?

An bhfuil nós imeachta socraithe taraifí ar neamhréir leis na cuspóirí arna sainiú in Airteagal 41(8) de Threoir 2009/73/CE ar faoina réir a shocraíonn an t-údarás rialála an meánráta ualaithe toraidh ar chaipiteal agus nach ndlitear don oibreoir córais tarchurtha agus stórála gáis nádúrtha an ríomh sin a choigeartú ar bhonn thásca aonair ghnóthas an oibreora córais?

Maidir le hAirteagal 1(b) [de Rialachán Uimh. (CE) 715/2009], arna léamh i gcomhar leis an dara fomhír den Airteagal sin, an bhfuil léiriú le déanamh amhail go bhfuil feidhm ag aithrisí 7 agus 8 agus ag Airteagal 14(1) den Rialachán maidir le saoráidí stórála gáis nádúrtha agus maidir le taraifí arna socrú ag an údarás rialála i gcás ina bhfuil an rochtain ar shaoráidí stórála gáis nádúrtha leachtaithe á rialú?

____________

1     Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO 2009 L 211, lch. 94).

1     Rialachán (CE) Uimh. 715/2009  ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009, maidir le coinníollacha le haghaidh rochtana ar na gréasáin gáis nádúrtha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 (CE) Uimh. 1775/2005 (IO 2009 L 211, lch. 36)