Language of document :

Caingean arna tabhairt an 23 Meitheamh 2023 – Katjes Fassin v EUIPO (Beyond Chocolate)

(Cás T-343/23)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Katjes Fassin GmbH & Co. KG (Emmerich am Rhein, an Ghearmáin) (ionadaithe: A. Renck agus C. Stöber, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Clárú an fhocalmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh “Beyond Chocolate” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 578 274

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 11 Aibreán 2023 i gCás R 2352/2022-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 95(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________