Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven kasatsionen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 23 Eanáir 2024 – K. M. H. v Obshtina Stara Zagora

(Cás C-43/24, Shipov 1 )

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Varhoven kasatsionen sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir ar phointe dlí: K. M. H.

Freagróir san achomharc ar phointe dlí: Obshtina Stara Zagora

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcuirtear cosc le prionsabal an chomhionannais idir saoránaigh an Aontais agus le prionsabal na saorghluaiseachta arna leagan síos in Airteagal 9 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le hAirteagail 8 agus 21 den leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) arna gcumhdach in Airteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus in Airteagal 8 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint ar reachtaíocht náisiúnta Ballstáit, nach gceadaíonn aon fhéidearthacht sonraí atá cláraithe cheana maidir le gnéas, ainm agus uimhir aitheantais phearsanta i ndoiciméid stádais shibhialta iarratasóra a dhearbhaíonn a bheith trasghnéasach?

An gceadaítear le prionsabal an chomhionannais idir saoránaigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh leis an tsaoirse gluaiseachta arna leagan síos le hAirteagal 9 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le hAirteagal 8 agus 21 den leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus leis an toirmeasc ar idirdhealú atá bunaithe ar ghnéas, cine, tionscnamh eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh arna chumhdach in Airteagal 7 den Chairt agus in Airteagal 8 de ECHR agus an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil cásdlí náisiúnta a ghlacadh (sa chás seo, cinneadh léiritheach Uimh. 2/2023 ó Obshto sabranie na grazhdanskata kolegia [Tionól Iomlánach Dhlísheomraí Sibhialta] an Varhoven kasatsionen sad [Cúirt Uachtarach Achomharc]) ar dá réir nach bhforáiltear sa dlí ábhartha oibiachtúil atá i bhfeidhm i gcríoch Bhallstát den Aontas Eorpach don fhéidearthacht gnéas, ainm agus uimhir aitheantais phearsanta a athrú i ndoiciméid stádais shibhialta iarratasóra a dhearbhaíonn a bheith trasghnéasach, agus é á chur i staid difriúil ná mar a bheadh sé dá mbeadh sé i mBallstát eile, ina bhfuil cásdlí náisiúnta dá mhalairt?

An gceadaítear cásdlí náisiúnta nach gceadaíonn, de bharr luachanna creidimh agus rialacha morálta, aon athrú ar fhéiniúlacht inscne ach amháin i gcás ina bhfuil sin sár-riachtanach ar chúiseanna leighis agus le haghaidh daoine áirithe amháin – daoine idirghnéasacha?

An gceadaítear cásdlí náisiúnta faoinar féidir, athrú gnéis a dhéanamh i gcásanna áirithe amháin agus ar chúiseanna leighis, de bharr luachanna creidimh agus rialacha morálta, i gcás daoine áirithe amháin (daoine idirghnéasacha), agus ní i gcásanna eile athraithe féiniúlachta inscne ar chúiseanna eile leighis difriúla?

An bhfuil feidhm ag an oibleagáid atá ar Bhallstát den Aontas Eorpach aitheantas a thabhairt do stádas sibhialta daoine arna aithint i mBallstát eile i gcomhréir le dlí an Bhallstáit sin arna leagan amach i gcásdlí na Cúirte maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2004/38/CE 1 agus Airteagal 21(1) CFAE (i gcomhréir leis na breithiúnais [i gcásanna] C-673/16 2 agus C-490/20 3 ) freisin maidir le gnéas mar cheann de na príomhghnéithe cláraithe stádais shibhialta agus an gceanglaítear leis, i gcás athrú gnéis, arna chinneadh i mBallstát eile, ar dhuine atá ina shaoránach Bulgárach, an méid sin i chlárú i gcláir chomhfhreagracha Phoblacht na Bulgáire?

I bhfianaise an chirt chun triail chóir a fháil faoin gCairt agus faoi ECHR, an gceadaítear léiriú ceangailteach ar an mBunreacht a tugadh i gcinneadh an Konstitutsionen sad (Cúirt Bhunreachtúil) ina meastar go bhfuil an téarma ‘gnéas’ le tuiscint sa chiall bhitheolaíoch amháin; an bhfuil an léiriú sin i gcomhréir le ceanglais dhlí an Aontais Eorpaigh agus an féidir leis sin a bheith ina bhacainn dhlíthiúil ar an athrú gnéis a chlárú?

____________

1 Tugtar ainm bréige don chás seo, nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna príomhimeachtaí.

1 Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh aistriú agus cur fúthu gan bhac laistigh de chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán 64/221/EWG, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 2004, lch. 77).

1 ECLI:EU:C:2018:385.

1 ECLI:EU:C:2021:1008.