Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation (an Fhrainc) a taisceadh an 7 Aibreán 2023 – Mutuelle assurance des travailleurs mutualistes (Matmut) v TN agus páirtithe eile

(Cás C-236/23, Matmut)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

An Chúirt Achomhairc

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Mutuelle assurance des travailleurs mutualistes (Matmut)

Cosantóirí: TN, Société MAAF assurances, Fonds de garantie des assurances obligatoires de dommages (FGAO), PQ

An cheist a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagail 3 agus 13 de Threoir 2009/103/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 20091 a léiriú sa chaoi nach gcoisctear neamhniú conartha le haghaidh mótarárachas dliteanais shibhialta a dhearbhú a bheith infhorghníomhaithe i gcoinne paisinéara ar íospartach é nó í i gcás inarb é nó í an duine sin an sealbhóir polasaí freisin agus go ndearna sé nó sí ráiteas bréagach d’aon ghnó tráth a tugadh an conradh i gcrích as ar eascair an neamhniú sin?

____________

1 Treoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí, agus le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin (IO 2009 L 263, lch. 11).