Caingean arna tabhairt an 20 Márta 2024 – Meica v EUIPO – Lénárd (CHIPSY KINGS)
(Cás T-157/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Meica Ammerländische Fleischwarenfabrik Fritz Meinen GmbH & Co. KG (Edewecht, an Ghearmáin) (ionadaí: S. Russlies, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: András Lénárd (Sîncrăieni, an Rómáin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘CHIPSY KINGS’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 416 564
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 22 Eanáir 2024 i gCás R 376/2023-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní a mhéid ar diúltaíodh leis don achomharc i gcoinne an chinnidh ón Rannáin Freasúra an 1 Feabhra 2023 maidir leis an iarratas ar thrádmharc ‘CHIPSY KINGS’ de chuid an Aontais i ndáil leis na hearraí agus seirbhísí seo a leanas:
‘Sceallóga; Friochtóga prátaí; Sceallóga glasraí-bhunaithe; Cipíní prátaí; Sceallóga casabhacha; Sceallóga soighe; Sceallóga práta mhilis corcra; Sceallóga cáil; Sneaiceanna prátaí; Sceallóga glasraí; Calóga prátaí; Brioscáin phrátaí i bhfoirm bianna sneaice; Brioscáin phrátaí; Bianna sneaice prátaí-bhunaithe; Slamar donn; Friochtóga vaiféil; Brioscáin phrátaí ar bheagán saille; Brioscáin gioca’ in Aicme 29;
‘Brioscáin lánchruithneachta; Sceallóga ghrán-bhunaithe; Sneaiceanna Brioscaráin; Sneaiceanna cruithneachta easbhrúite; Sceallóga arbhair faoi bhlas glasraí; Brioscáin thortilla; Brioscáin ríse; Bianna sneaice atá déanta as grán buí; Táirgí bia sneaice atá déanta as plúr prátaí; Sceallóga Wonton; Sceallóga plúr-bhunaithe; Millíní cáise séidte [sneaiceanna arbhair]; Brioscáin atá déanta as arbhar; Sceallóga arbhair faoi bhlas feamainne; Sceallóga tacó; Sceallóga arbhair’ in Aicme 30;
‘Seirbhísí miondíola a bhaineann le bia; Seirbhísí miondíola trí líonraí ríomhairí domhanda a bhaineann le bia-ábhar; Seirbhísí miondíola tríd an bpost a bhaineann le bia-ábhar; Léiriú earraí i meáin cumarsáide, chun críocha miondíola; Seirbhísí miondíola trí chatalóga a bhaineann le bia-ábhar’ in Aicme 35.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 95(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________