Caingean arna tabhairt an 12 Márta 2024 – CV v an Coimisiún
(Cás T-146/24)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: CV (ionadaí: F. Moyse, Dlíodóir)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
Cinneadh an 15 Nollaig 2023 a chur ar neamhní agus, a mhéid is gá, Cinneadh an 9 Lúnasa 2023, lenar dhiúltaigh an Coimisiún liúntas teaghlaigh a dheonú [don iarratasóir];
dá bhrí sin an ceart chun liúntais teaghlaigh a dheonú [don iarratasóir] i gcomhréir le hAirteagal 1 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne;
ar aon chuma, a ordú don Choimisiún na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Tá an chaingean bunaithe ar an dá saincheist dlí a leanas:
Sárú ar Airteagal 2(4) d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne 1 .
Sárú ar Airteagal 1(2)(d) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne i dteannta le sárú ar Airteagal 20 agus Airteagal 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh 1 .
____________
1 Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA), lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal sin (IO 1962 45, lch. 1385).
1 IO 2012 C 326, lch. 391.