Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 16 Samhain 2023 ag Nikolayevich Timchenko i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra) a tugadh an 6 Meán Fómhair 2023 i gCás T-252/22, Timchenko v an Chomhairle

(Cás C-702/23 P)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóir: Gennady Nikolayevich Timchenko (ionadaithe: T. Bontinck agus S. Bonifassi, avocats, agus E. Fedorova, avocate)

Páirtí eile sna himeachtaí: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Ghinearálta:

breithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra) an 6 Meán Fómhair 2023 i gCás T-252/22 a chur ar neamhní, lena n-áirítear a mhéid a d’ordaigh sé don achomharcóir a chostais féin agus costais Chomhairle an Aontais Eorpaigh a íoc;

an chaingean de bhua an tuillteanais a réiteach agus na gníomhartha atá faoi chonspóid dá dtagraítear i mír 1 den iarratas a chur ar neamhní, eadhon:

Cinneadh (CBES) 2022/337 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 59, lch. 1), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/336 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 58, lch. 1);

Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 149), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 1), a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis agus a dhéantar leis na gníomhartha sin a ainm a chlárú agus a choimeád ar na liostaí atá i gceangal leo;

a ordú don Chomhairle costais costais an dá chás a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Maíonn an t-achomharcóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid sa dlí trína measúnú gur féidir an gníomh de ‘thacaíocht a thabhairt, go hábharach nó ó thaobh airgeadais de’ dá dtagraítear sa chritéar atá leagtha síos in Airteagail 1(1)(b) agus 2(1)(d) de Chinneadh 2014/145/CBES, a léiriú i gcás nach ndearna an duine atá faoi réir smachtbhannaí agóid i gcoinne na gcinntí a ghlac an t-eintiteas a mheastar a bheith freagrach go díreach as tacaíocht airgeadais a thabhairt do chinnteoirí na Rúise de réir bhrí na forála sin.

Áitíonn an t-achomharcóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid sa dlí trína measúnú go léirítear an fíoras go dtacaíonn sí le ‘gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin’ de réir bhrí an chritéir ainmniúcháin a leagtar síos in Airteagal 1(1)(a) agus 2(1)(a) de Chinneadh 2014/145/CBES trí mhainneachtain an achomharcóra é féin a scaradh ó bheartais agus ó chinntí an eintitis lenar bunaíodh tacaíocht de réir bhrí Airteagal 2(1)(d) de Chinneadh 2014/145/CBES.

____________