Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 28 Meán Fómhair 2022 – Agrofert v an Pharlaimint

(Cás T-174/21) 1

(Rochtain ar dhoiciméid – Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 – Doiciméid a bhaineann leis an imscrúdú i gcoinne iarPhríomh Aire Phoblacht na Seice maidir le mí-úsáid chistí an Aontais agus coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann – Diúltú do rochtain a thabhairt – Eisceacht a bhaineann le cosaint chuspóir na gcigireachtaí, imscrúdaithe agus iniúchtaí – Dul in éag páirteach den leas chun imeachtaí a thionscnamh – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais ina iomlán – Oibleagáid cúiseanna a lua)

Teanga an cháis: an tSeicis

Páirtithe

Iarratasóir: Agrofert, a.s. (Prág, Poblacht na Seice) (ionadaí: S. Sobolová, Dlíodóir)

Cosantóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: N. Görlitz, J.-C. Puffer agus O. Hrstková Šolcová, i gcáil Gníomhairí)

Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: C. Ehrbar, M. Salyková agus J. Hradil, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Leis an gcaingean de bhonn Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh A(2019) 8551 C (D 300153) ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2021, ar dhiúltaigh sí trí bhíthin an chinnidh sin rochtain a thabhairt don iarratasóir ar dhá dhoiciméad a bhaineann leis an imscrúdú i gcoinne iarPhríomh Aire Phoblacht na Seice maidir le mí-úsáid chistí an Aontais agus coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann, ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1.    Ní gá a thuilleadh rialú a dhéanamh ar an iarratas go gcuirfí Cinneadh A(2019) 8551 C (D 300153) ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2021 ar neamhní, a mhéid ar diúltaíodh leis do rochtain a thabhairt ar thuarascáil iniúchóireachta chríochnaitheach ón gCoimisiún an 29 Samhain 2019, a bhfuil ARES (2019) 7370050 mar thagairt leis, a bhaineann leis an iniúchadh ar fheidhmiú na gcóras bainistíochta agus rialaithe atá i bhfeidhm i bPoblacht na Seice chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint;

2.    Diúltaítear don chuid eile den chaingean;

3.    Ordaítear do Agrofert, a.s. a chostais féin a íoc chomh maith leis na costais arna dtabhú ag an bParlaimint;

4.    Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin a íoc.

____________

1 IO C 206, 31.5.2021.