Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 18 Eanáir 2024 ag Dmitry Arkadievich Mazepin i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra) a tugadh an 8 Samhain 2023 i gCás T-282/22, Mazepin v an Chomhairle

(Cás C-35/24 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Dmitry Arkadievich Mazepin (ionadaithe: D. Rovetta, M. Campa, M. Moretto, V. Villante, avvocati, agus T. Marembert, A. Bass, avocats)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Comhairle an Aontais Eorpaigh, Poblacht na Laitvia

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Ghinearálta

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal

Cinneadh (CBES) 2022/397 an 9 Márta 2022 ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine 1 nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin;

Rialachán cur chun feidhme (AE) 2022/396 an 9 Márta 2022 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine 1 nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, sa mhéid is go bhfuil an t-achomharcóir ar áireamh ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas faoi réir na mbeart sriantach;

mar fho-iarratais ar an méid thuas, an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal agus an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta;

a ordú don Chomhairle costais an achomharcóra a bhaineann leis an gcéadchéim agus na himeachtaí seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Maíonn an t-achomharcóir cúig shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta neamhaird ar raon feidhme a athbhreithnithe bhreithiúnaigh agus go ndearna sí roinnt earráidí dlí agus gur saobhadh sí na fíorais.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus critéar (g) á léiriú aici, sa chaoi maidir leis na focail “a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise”, ní thagraítear do lucht gnó ach do earnálacha eacnamaíocha. Mainneachtain cúiseanna a lua.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú agus léiriú earráideach ar Airteagal 2(1)(g) de Chinneadh 2014/145/CBES 1 ón gComhairle arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/329 2 ón gComhairle agus d’Airteagal 3(1)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 3 ón gComhairle arna leasú le Rialachán 2022/330 4 ón gComhairle. Mar fho-iarratais, pléadáil neamhdhleathachta agus neamhfheidhmeacht  faoi Airteagal 277 CFAE d’Airteagal 2(1)(g) de Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/329 ón gComhairle agus d’Airteagal 3(1)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle arna leasú le Rialachán 2022/330 ón gComhairle.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú agus léiriú earráideach ar choincheap “foinse ioncaim” agus “foinse shuntasach ioncaim” faoi Airteagal 2(1)(g) de Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/329 ón gComhairle agus d’Airteagal 3(1)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle arna leasú le Rialachán 2022/330 ón gComhairle. Saobhadh ar na bhfíorais agus fianaise. Sárú ar riachtanais nós imeachta riachtanacha agus ar oibleagáid cúiseanna a lua faoi Airteagal 296 CFAE agus Airteagal 36 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh trí fhorais leordhóthanacha agus frithráiteacha. Freaschur an dualgais cruthúnais.

An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear gur sháraíonn an Chúirt Ghinearálta agus go ndearna sí míléiriú ar phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais Eorpaigh agus go háirithe ar phrionsabal na córa comhionainne agus ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe nuair a chinn sí nach bhfuil critéar (g) idirdhealaitheach.

____________

1 IO 2022 L 80, lch. 31.

1 IO 2022 L 80, lch. 1.

1 Cinneadh 2014/145/CBES an 17 Márta 2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2014 L 78, lch. 16).

1 Cinneadh (CBES) 2022/329 an 25 Feabhra 2022 ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 50, lch. 1).

1 Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 an 17 Márta 2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2014 L 78, lch. 6).

1 Rialachán (AE) 2022/330 an 25 Feabhra 2022 ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 51, lch. 1).