Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Helsingin hallinto-oikeus (an Fhionlainn) a taisceadh an 26 Meán Fómhair 2023 – B UG

(Cás C-596/23, Pohjanri 1 )

Teanga an cháis: an Fhionlainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Helsingin hallinto-oikeus

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: B UG

Páirtí eile sna himeachtaí: Veronsaajien oikeudenvalvontayksikkö

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcuirtear cosc le Treoir 2008/118/CE, 1 go háirithe Airteagal 36 di maidir le ciandíol, ar léiriú ar an dlí náisiúnta ar dá réir a mheastar go bhfuil díoltóir earraí atá faoi réir dleacht mháil atá bunaithe i mBallstát eile páirteach sna hearraí sin a iompar chuig an mBallstat cinn scríbe agus go bhfuil sé faoi réir dleacht mháil ar chiandíolacháin sa Bhallstát cinn scríbe ar an aon chúis dtugann an díoltóir, ar a shuíomh gréasáin, treoir don cheannaitheoir cuideachta iompair faoi leith a úsáid?

An ndearna an díoltóir earraí atá faoi réir dleacht mháil earraí a sheoladh nó a iompar chuig Ballstát eile go díreach nó go hindíreach de réir bhrí Airteagal 36(1) de Threoir 2008/118/CE agus an raibh sé faoi réir dleacht mháil ar chiandíolacháin de réir bhrí na Treorach más rud é gur moladh cuideachtaí áirithe iompair ar shuíomh gréasáin an díoltóra agus gur tugadh faisnéis ar an suíomh faoi na costais iompair don cheannaitheoir agus gur cuideachta iompair dár seoladh an fhaisnéis faoi na hearraí a bhí le hiompar a ghearr na chostais iompair gan aon rud a bheith déanta ag an gceannaitheoir? An bhfuil an fíoras gur thug an ceannaitheoir conradh ar leithligh le haghaidh earraí a iompar leis an gcuideachta iompair a luadh ar shuíomh gréasáin an díoltóra ábhartha chun an cheist sin a mheas?

____________

1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 Treoir 2008/118/CE an 16 Nollaig 2008 ón gComhairle maidir leis na comhshocruithe ginearálta maidir le dleacht mháil agus lena n-aisghairtear Treoir 92/12/CEE (IO 2009 L 9, lch. 12).