Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 1 Márta 2022 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne Cúisí5

(Cás C-147/22)

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Fővárosi Törvényszék

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Cúisí5 Na ceisteanna a tharchuirtear:

An bhfuil cóireáil imeachtaí coiriúla, arna dtionscnamh i mBallstát amháin i gcoinne an duine chéanna agus mar gheall ar na fíorais chéanna is ar cóireáladh iad i mBallstát eile cheana féin agus iad tugtha chun críche go cinntitheach trí rún ón ionchúisitheoir poiblí a d’ordaigh go gcuirfí clabhsúr ar an réamhscrúdú, ar neamhréir leis an bprionsabail non bis in idem arna bhunú ag Airteagal 50 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) agus Airteagal 54 den Choinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme (“CCCS”)?

An bhfuil sé i gcomhoiriúint leis an bprionsabal non bis in idem, arna bhunú ag Airteagal 50 den “Chairt” agus Airteagal 54 de “CCCS”, agus an gcoisctear tionscnamh imeachtaí nua coiriúla i mBallstát i gcoinne an duine chéanna agus mar gheall ar na fíorais chéanna go cinntitheach dá bharr, fiú nuair atáthar ag tabhairt aghaidh ar rún an ionchúisitheora lena n-ordaítear clabhsúr a chur leis na himeachtaí coiriúla (réamhscrúdú) i mBallstát amháin gur féidir an t-imscrúdú a athoscailt go dtí go rachaidh an cion coiriúil in éag, nach bhfuil an t-ionchúisitheoir tar éis a mheas go bhfuil údar maith le dul ar aghaidh ex officio lena leithéid d'athoscailt?

An bhfuil sé i gcomhoiriúint leis an bprionsabal non bis in idem, arna bhunú ag Airteagal 50 den “Chairt” agus Airteagal 54 de “CCCS”, agus an bhféadfar a mheas go bhfuil sé mionsonraithe agus uileghabhálach a dhóthain, go ndearnadh réamhscrúdú a bhfuil clabhsúr leis i dtaobh cúisí nár ceistíodh i gcáil duine a bhfuil amhras ann go bhfuil cion coiriúil déanta aige a bhaineann lena chomhchúisithe, fiú i gcás go ndearnadh réamhscrúdú coiriúil i gcoinne an duine sin i gcáil cúisí, agus gur cuireadh clabhsúr leis an réamhscrúdú bunaithe ar shonraí an imscrúdaithe a cuireadh ar fáil mar thoradh ar iarratas ar chomhar dlíthiúil, ar sholáthar sonraí maidir le cuntais bhainc, agus ar cheistiú na gcomhchúisithe i gcáil daoine a bhfuil amhras ann go bhfuil cion coiriúil déanta acu?

____________