Language of document :

Caingean arna tabhairt an 25 Samhain 2022 – Mazepin v an Chomhairle

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) Uimh. 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin 1 a chur ar neamhní;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin 1 a chur ar neamhní;

an cinneadh lena gcoinnítear ainm an iarratasóra ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha faoi Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle, 1 arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/1530, agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2022/1529, a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin a chur ar neamhní;

dá ngairtear le chéile mar na “Gníomhartha atá faoi Chonspóid”, a mhéid a chuirtear an t-iarratasóir san áireamh ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha leis na Gníomhartha atá faoi Chonspóid.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir sé shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a shonrú; ar Airteagal 296 CFAE agus ar Airteagal 41(2)(c) den Chairt um Chearta Bunúsacha; ar an gceart chun cosanta breithiúnaí éifeachtaí agus ar Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear earráid mheasúnaithe.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid fhollasach measúnaithe; mainneachtain an dualgais chruthúnais a urscaoileadh; sárú ar na critéir liostaithe a leagtar amach in Airteagail 1(1)(e) agus 2(1)(g) de Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 agus in Airteagal 3(1)(g) de Rialachán Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann araon le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta agus ar chearta bunúsacha an iarratasóra; sárú ar chearta bunúsacha an iarratasóra chun maoine agus chun saoirse fiontraíochta agus sárú ar Airteagail 16 agus 17 den Chairt um Chearta Bunúsacha.

An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar bhunphrionsabal an neamh-idirdhealaithe.

An séú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar cheanglais fhíor-riachtanacha nós imeachta; sárú ar na cearta atá ag na cosantóirí agus ar an oibleagáid atá ar an gComhairle athbhreithniú a dhéanamh ar na smachtbhannaí go tréimhsiúil.

____________

1 IO 2022 L 239, lch. 149.

1 IO 2022 L 239, lch. 1.

1 IO 2014 L 78, lch. 16.