Caingean arna tabhairt an 17 Márta 2023 – VI v an Coimisiún
(Cás T-147/23)
Teanga an cháis: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: VI (ionadaí: M. Velardo, Dlíodóir)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
Na cinntí seo a leanas a chur ar neamhní:
Cinneadh an 20 Bealtaine 2022 lena gcuirtear in iúl don iarratasóir go bhfuair sí 53 phointe le linn an mheasúnaithe tríd an Talent Screener i gcomórtas EPSO/AST/150/21 do theicneoirí saotharlainne, áit a raibh an scór íosta iontrála chuig an gcéad chéim eile 57 pointe; agus
Cinneadh ón Údarás Ceapacháin an 8 Nollaig 2022, ARES (2022) a.9324205, lena ndéantar an chaingean a tionscnaíodh an 14 Meitheamh 2022 agus a cláraíodh faoi thagairt Uimh. R/30/22 faoi Airteagal 90 (II) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh a dhiúltú.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.
An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear earráid shoiléir measúnaithe sa mheasúnú ar cháilíochtaí agus ar fhad a thaithí oibre, a laghdaigh an bord roghnúcháin go treallach, agus sárú an fhógra comórtais nár údaraigh athdháileadh fad na taithí gairmiúla i gcomhthéacs chritéir éagsúla an Talent Screener.
An dara saincheist dlí, lena n-éilítear gur sáraíodh Airteagal 1(1) d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, sa mhéid nach raibh sé de chumhacht ag an mbord roghnúcháin na fachtóirí ualaithe a chinneadh.
An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear gur sáraíodh Airteagal 27 agus Airteagal 29 de na Rialacháin Foirne an chéad mhír d’Airteagal 5 d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, sa mhéid nach ndearna an bord roghnúcháin fírinneacht na gcáilíochtaí agus na taithí oibre a dhearbhaigh na hiarrthóirí sa Talent Screener a fhíorú, sular tharraing sé suas liosta na n-iarrthóirí a nglactar leo go dtí an chéad chéim eile san Ionad Measúnaithe.
____________