Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Administrativen sad Veliko Tarnovo (an Bhulgáir) a taisceadh an 12 Eanáir 2022 – DV v Direktor na Teritorialno podelenie na Natsionalnia osiguritelen institut – Veliko Tarnovo

(Cás C-30/22)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Administrativen sad Veliko Tarnovo

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: DV

Cosantóir: Direktor na Teritorialno podelenie na Natsionalnia osiguritelen institut – Veliko Tarnovo

Na ceisteanna a tharchuirtear

An é go ndéanfar léirmhíniú ar fhoráil Airteagal 30(2) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 30(1)(a) de, a léirmhíniú mar fhoráil a chiallaíonn go gcumhdaítear na daoine dá dtagraítear sa dara foráil faoi raon feidhme ratione personae Airteagal 31(1) den Chomhaontú más náisiúnaigh de Bhallstát iad gan bhriseadh ar feadh na hidirthréimhse agus go raibh siad ag an am céanna faoi réir reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, nó an é go ndéanfar léirmhíniú ar an bhforáil sa chiall nach bhfuil na daoine dá dtagraítear in Airteagal 30(1)(a) den Chomhaontú cumhdaithe le hAirteagal 31(1) ach amháin fad agus go bhfuil siad fostaithe sa Ríocht Aontaithe ag deireadh agus/nó tar éis dheireadh na hidirthréimhse?

An é go ndéanfar léirmhíniú ar fhoráil Airteagal 30(2) den Chomhaontú, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 30(1)(c) de, a léirmhíniú mar fhoráil a chiallaíonn go gcumhdaítear na daoine dá dtagraítear sa dara foráil faoi Airteagal 31(1) den Chomhaontú más rud é go raibh cónaí orthu sa Ríocht Aontaithe mar shaoránaigh de chuid an Aontais gan bhriseadh ar feadh na hidirthréimhse agus go raibh siad ag an am céanna faoi réir reachtaíocht Ballstáit aonair ar feadh na hidirthréimhse, go dtí deireadh na tréimhse sin, nó an mór é a léirmhíniú sa chiall nach bhfuil na daoine dá dtagraítear in Airteagal 30(1)(c) cumhdaithe le hAirteagal 31(1) má scoir siad de bheith ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe tar éis dheireadh na hidirthréimhse?

Más rud é go leanann sé ó léirmhíniú fhorálacha Airteagal 30(2) den Chomhaontú, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 30(1)(a) agus (c) de, nach bhfuil na forálacha sin infheidhme ar fhíorais na príomhimeachtaí toisc gur scoir saoránach de chuid an Aontais de chónaí sa Ríocht Aontaithe tar éis dheireadh na hidirthréimhse, an mór forálacha Airteagal 30(4) den Chomhaontú, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 30(3) de, a léirmhíniú mar fhorálacha a chiallaíonn nach bhfuil daoine a bhfuil cónaí orthu nó atá ag obair sa Stát ósta nó sa Stát ina bhfuil siad fostaithe cumhdaithe faoi fhoráil Airteagal 30(1) má chuirtear deireadh lena gcaidrimh dhlíthiúla mar dhaoine fostaithe (oibrithe) agus, dá bharr sin, gur chaill siad a g ceart cónaithe agus go bhfuil siad tar éis an Stát ina raibh siad fostaithe nó an Stát ósta a fhágáil tar éis dheireadh na hidirthréimhse, nó an é go ndéanfar léirmhíniú ar na forálacha sin sa chiall go mbaineann an srian atá leagtha síos in Airteagal 30(4) leis an gceart cónaithe agus leis an gceart chun fostaíochta arna fheidhmiú tar éis dheireadh na hidirthréimhse, gan an t-am a cuireadh deireadh leis na cearta a bheith ábhartha, ar choinníoll go raibh na cearta sin ann fós tar éis dheireadh na hidirthréimhse?

____________