Iarraidh ar réamhrialú ón Arbeitsgericht Ludwigshafen am Rhein (an Ghearmáin) a taisceadh an 17 Márta 2022 – TF v Sparkasse Südpfalz
(Cás C-206/22)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Arbeitsgericht Ludwigshafen am Rhein
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: TF
Cosantóir: Sparkasse Südpfalz
An cheist a tharchuirtear:
An gá Airteagal 7(1) de Threoir 2003/88/CE1 agus an ceart chun tréimhse saoire le pá in aghaidh na bliana a leagtar amach in Airteagal 31(2) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a léiriú amhail is go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht nó ar chleachtas náisiúnta maidir le saoire bhliantúil a dheonú d'oibrithe faoina gcomhlíontar an oibleagáid maidir le teideal chun saoire a dheonú fiú má dhéanann teagmhas nárbh fhéidir a thuar difear don oibrí le linn na tréimhse údaraithe saoire, amhail, sa chás seo, coraintín arna ordú ag an rialtas, agus dá bhrí sin cuirtear cosc ar an oibrí an teideal sin a fheidhmiú ina iomláine?
____________
1 Treoir Uimh. 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d'eagrú ama oibre (IO 2003 L 299, lch. 9).