Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation (an Bheilg) a taisceadh an 2 Deireadh Fómhair 2022 – Royal Football Club Seraing v Fédération internationale de football association (FIFA), Union Royale Belge des Sociétés de Football Association (URBSFA), Union européenne des Sociétés de Football Association (UEFA)

(Cás C-600/23, Royal Football Club Seraing)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour de cassation

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Royal Football Club Seraing

Cosantóirí: Fédération internationale de football association (FIFA), Union Royale Belge des Sociétés de Football Association (URBSFA), Union européenne des Sociétés de Football Association (UEFA)

Páirtí sa chás: Doyens Sports Investment Ltd

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An gcuirtear toirmeasc le hAirteagal 19(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 267 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ar chur i bhfeidhm forálacha dlí náisiúnta amhail Airteagal 24 agus 1713(9) de Chód Breithiúnach na Beilge lena bhféachtar le héifeacht a thabhairt don phrionsabal res judicata, maidir le dámhachtain eadrána, arbh í a dhearna an grinnscrúdú ar cibé an bhfuil nó nach bhfuil sé i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh ná cúirt Stáit nach Ballstát an Aontais é, nach bhfuil cead aici ceist a tharchur le haghaidh réamhrialú chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh?

An gcuirtear toirmeasc le hAirteagal 19(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 267 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ar chur i bhfeidhm riail dlí náisiúnta lena ndéantar go bhfuil ag dámhachtain eadrána ualach cruthúnais i ndáil le tríú páirtithe, mura bhfuil aon fhianaise ann dá mhalairt a dhlitear orthu a sholáthar, arbh í a dhearna an grinnscrúdú ar cibé an bhfuil nó nach bhfuil sé i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh ná cúirt Stáit nach Ballstát an Aontais é, nach bhfuil cead aici ceist a tharchur le haghaidh réamhrialú chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh?

____________