Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Østre Landsret (an Danmhairg) a taisceadh an 6 Iúil 2023 — Slagelse Almennyttige Boligselskab, Afdeling Schackenborgvænge XM, ZQ, FZ, DL, WS, JI, PB, VT, YB, TJ, RK v MV, EH, LI, AQ, LO, Social-, Bolig- og Ældreministeriet

(Cás C-417/23, Slagelse Almennyttige Boligselskab, Afdeling Schackenborgvænge)

Teanga an cháis: an Danmhairgis

An chúirt a rinne an tarchur

Østre Landsret

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Slagelse Almennyttige Boligselskab, Afdeling Schackenborgvænge XM, ZQ, FZ, DL, WS, JI, PB, VT, YB, TJ, RK

Cosantóirí: MV, EH, LI, AQ, LO, Social-, Bolig- og Ældreministeriet

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gá an téarma ‘tionscnamh eitneach’ in Airteagal 2(2)(a) agus (b) de Threoir 2000/43 1 a léiriú mar théarma a chiallaíonn, in imthosca amhail na cinn sa chás seo — i gcás, faoi Dhlí na Danmhairge maidir le tithíocht shóisialta, nach mór laghdú a bheith ann ar chion na tithíochta teaghlaigh shóisialta i ‘limistéir chlaochlaithe’, agus i gcás inar coinníoll é le haghaidh catagóiriú mar limistéar claochlaithe gur ‘inimircigh agus a sliochtaigh ó thíortha neamh-Iarthair’ iad níos mó ná 50 % de na cónaitheoirí i limistéar tithíochta — a chumhdaíonn grúpa daoine a shainmhínítear mar ‘inimircigh agus a sliochtaigh ó thíortha nach tíortha an Iarthair iad’?

I gcás freagra dearfach ar an gcéad cheist go hiomlán nó go páirteach, an gá Airteagal 2(2)(a) agus (b) a léirmhíniú mar ní a chiallaíonn gurb ionann an scéim a bhfuil tuairisc uirthi sa chás seo agus idirdhealú díreach nó indíreach?

____________

1 Treoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear i bhfeidhm prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan beann ar thionscnamh ciníoch nó eitneach (IO 2000, L 180, lch. 22).