Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Sofiyski rayonen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 11 Iúil 2023 – Profi Credit Bulgaria EOOD Agentsia za sabirane na vzemania EAD City Cash OOD

(Cás C-425/23)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Sofiyski rayonen sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí sna himeachtaí ordaithe íocaíochta: Profi Credit Bulgaria EOOD Agentsia za sabirane na vzemania EAD City Cash OOD

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gceadaítear le hAirteagal 6(1) agus Airteagal 7 de Threoir 93/13/CEE 1 ón gComhairle maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (Treoir 93/13/CEE) cásdlí náisiúnta amhail an cásdlí atá i gceist sna príomhimeachtaí ar dá réir nach bhfuil dlínse ag an gcúirt a eisíonn ordú íocaíochta i dtaca le cuid de na héilimh a eascraíonn ó chomhaontú creidmheasa, dlínse chun a éileamh go luafaidh an creidiúnaí méid na dtráthchodanna a éilítear ón tomhaltóir agus go bhfuil oibleagáid air, fiú in éagmais faisnéis den sórt sin, ordú íocaíochta a eisiúint i dtaca leis an gcuid de na héilimh a bhfuil an creidiúnaí ag lorg mar chnapshuim?

An gcaithfear Airteagal 6(1) de Threoir 93/12/CEE, arna leamh i gcomhar le prionsabal éifeachtacht dhlí an Aontais agus Airteagal 19(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach a léiriú sa chaoi go bhfuil treoracha chun cinneadh a eisiúint ar an tsubstaint a d’fhéadfadh dlí an Aontais a shárú agus lena gceanglaítear ar chúirt níos íochtaraí déanamh de réir thoil na cúirte níos uachtaraí, ní trí chinneadh foirmiúil lena dtarchuirtear an cás ar ais chuig an gcúirt níos airde, ach trí chinneadh a eisítear in ainm fhoirmíocht na cúirte níos íochtaraí, ina gceangal ar an gcúirt níos íochtaraí agus nach gcuireann siad isteach ar a neamhspleáchas mar a chuirtear in iúl le tuairim inmheánach na cúirte níos íochtaraí i dtaobh an bhfuil feidhm ag foráil de dhlí an Aontais?

____________

1 IO 1993 L 95, lch. 29.