Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Sofiyski rayonen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 11 Iúil 2023 – D. D., B. Zh. v ‘Financial Bulgaria’ EOOD

(Cás C-426/23, Financial Bulgaria)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Sofiyski rayonen sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: D. D., B. Zh.

Cosantóir: ‘Financial Bulgaria’ EOOD

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.    An gcaithfear Airteagal 4(2) agus Airteagal 6(1) de Threoir 93/13/CE 1 ón gComhairle maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (“Treoir 93/13/CEE”) a léiriú sa chaoi, i gcás ina bhforchuirtear oibleagáid i gcomhaontú creidmheasa ar an tomhaltóir conradh ráthaíochta a thabhairt i gcrích le ráthóir arna ainmniú ag an gcreidiúnaí, nach bhfuil inneachar an chonartha ráthaithe ina “phríomhábhar” den chonradh leis an tríú páirtí sin ach gur cuid d’inneachar an chomhaontaithe creidmheasa é? An bhfuil sé ábhartha ina thaobh sin an bhfuil an creidiúnaí agus an ráthóir nasctha le chéile?

2.    An gcaithfear pointe 1(i) den Iarscríbhinn le Treoir 93/13/CEE a léiriú sa chaoi, i gcás ina gceanglaítear ar an tomhaltóir ráthóir a sholáthar i dtaca le comhaontú creidmheasa a cuireadh i gcrích cheana – agus go bhfuil sé ar cheann de na roghanna sin go rachaidh sé le duine arna ainmniú ag an gcreidiúnaí – go gcaithfear inneachar oibleagáid an tomhaltóra faoin gconradh ráthaíochta a cuireadh i gcrích níos déanaí ar an lá a cuireadh i gcrích an comhaontú creidmheasa a mheas mar dhoiléir, ós rud é nárbh fhéidir leis an tomhaltóir féin an duine a bhí le hainmniú todhchaí ag an gcreidiúnaí mar ráthóir a roghnú ná a mholadh?

3.    Más é an freagra ar an gceist roimhe seo go bhfuil ábhar an chonartha ráthaíochta soiléir, an gcaithfear pointe 1(i), (j) agus (m) den Iarscríbhinn le Treoir 93/13/CEE a léiriú sa chaoi, i gcás inar thug an tomhaltóir faoi ráthóir a sholáthar i dtaca le comhaontú creidmheasa a cuireadh i gcrích cheana – agus go bhfuil sé ar cheann de na roghanna sin go rachaidh sé le duine arna ainmniú ag an gcreidiúnaí – go gcaithfear a mheas go bhfuil an t-inneachar d’oibleagáid an tomhaltóra faoin gcomhaontú creidmheasa doiléir agus go bhféadfadh neamhniú an chomhaontaithe creidmheasa nó téarmaí sonracha de a bheith mar thoradh air sin?

4.    An gcaithfear Airteagal 4(1) de Threoir 93/13/CEE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 8 de Threoir 2005/29/CE 1 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha, a léiriú sa chaoi, i gcás ina n-éilíonn duine a thugann creidmheas ar an tomhaltóir comhaontú a thabhairt i gcrích le duine arna ainmniú ag an gcreidiúnaí chun éileamh an chreidiúnaí i gcoinne an tomhaltóra a ráthú, gur mí-úsáid é sin ar staid mhífhabhrach an tomhaltóra agus gur cleachtas tráchtála ionsaitheach é dá bhrí sin?

5.    Más freagra diúltach a thabharfar ar Cheist 4, an gcaithfear Airteagal 4 agus Airteagal 7 de Threoir 93/13/CEE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 8 de Threoir 2005/29/CE maidir le cleachtais tráchtála éagóracha, a léiriú sa chaoi, in imeachtaí dlíthiúla aontaobhacha, amhail an nós imeachta um ordú íocaíochta, nach bhfuil an tomhaltóir ina pháirtí leo, go bhféadfaidh an chúirt a hábhair amhrais maidir le cothroime téarma chonarthaigh a bhunú ar amhras gur ghlac an tomhaltóir leis an téarma ar bhonn cleachtas tráchtála éagothrom, agus ar an méid sin amháin, nó an gcaithfidh an t-amhras sin a bheith léirithe go cinnte?

6.    An gcaithfear Airteagal 15(2) de Threoir 2008/48/CE 1 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí (“Treoir 2008/48/CE”) a léiriú sa chaoi go bhfuil feidhm aige i gcásanna ina bhfuil an comhaontú creidmheasa nasctha le seirbhís choimhdeach, eadhon ráthaíocht arna soláthar ag tríú páirtí mar mhalairt ar tháille, agus a ligeann don tomhaltóir a éilimh a dhéanamh ar bhonn iompar míchuí an ráthóra, amhail íocaíocht tar éis dhul in éag teorann ama reachtúla, ach freisin brath ar agóidí nós imeachta lena gcuirtear as an áireamh an oibleagáid i leith an ráthóra?

7.    An gceadaítear le hAirteagal 15(2) de Threoir 2008/48/CE, arna léamh i gcomhar le prionsabal na héifeachtachta, nó – ag glacadh leis gur idirbhearta nasctha iad an comhaontú creidmheasa agus an conradh ráthaíochta – an gceadaítear le hAirteagail 5 agus 7 de Threoir 93/13/CEE, arna léamh i gcomhréir le pointe 1(b) agus (c) den Iarscríbhinn léi, cásdlí náisiúnta faoina bhféadfaidh ráthóir conartha atá nasctha le comhaontú creidmheasa tomhaltóra a fuair táille ón tomhaltóir as an gcomhaontú creidmheasa a ráthú agus a rinne íocaíocht leis an bpríomhchonraitheoir ar bhonn téarma conarthach, d’ainneoin dhul in éag na tréimhse arna leagan síos in Airteagal 147 den Zakon za zadalzheniata i dogovorite (An Dlí maidir le hoibleagáidí agus conarthaí), a bhfuil d’éifeacht aige sin, de réir an chásdlí ábhartha, go gcuirtear deireadh leis an ráthaíocht ina hiomláine, fós pléadáil a dhéanamh go bhfuil sé ina chomharba ar chearta an chreidiúnaí tosaigh agus, ag tagairt do chásdlí frithráiteach maidir le cur i bhfeidhm an dlí, íocaíocht a éileamh ón bpríomhfhéichiúnaí?

8.    An gcaithfear Airteagal 3(g) de Threoir 2008/48/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 5 de Threoir 93/13/CEE, a léiriú sa chaoi, i gcás oibleagáid faoi chomhaontú creidmheasa chun conradh ráthaíochta nasctha a chur i gcrích, a bhfuil d’éifeacht aici go méadaítear méid iomlán an dliteanais creidmheasa, go gcaithfear an ráta céatadánach bliantúil (APR) don chreidmheas a ríomh freisin ar bhonn na dtráthchodanna méadaithe mar thoradh ar an táille a íocadh leis an ráthóir? An bhfuil sé ábhartha ina leith sin cé a roghnaigh an ráthóir agus an bhfuil sé nasctha leis an bpríomhchreidiúnaí?

9.    An gcaithfear Airteagal 10(2)(g) de Threoir 2008/48/CE a léiriú sa chaoi go gcaithfear a mheas, i gcás ina gcuirtear APR in iúl go mícheart i gcomhaontú creidmheasa arna chur i gcrích idir díoltóir nó soláthróir agus tomhaltóir is iasachtaí, gur mainníodh APR a lua sa chomhaontú creidmheasa agus nach mór don chúirt náisiúnta na hiarmhairtí dlíthiúla arna leagan síos sa dlí náisiúnta as mainneachtain APR a lua i gcomhaontú creidmheasa tomhaltóra a chur i bhfeidhm? An gcaithfear glacadh leis go mbeidh an ráthóir a rinne íocaíocht ina chaidreamh leis an tomhaltóir faoi réir na n-iarmhairtí sin?

10.    An gcaithfear an dara habairt d’Airteagal 23 de Threoir 2008/48/CE a léiriú sa chaoi nach mór a mheas go bhfuil an pionós a rinne an reachtas náisiúnta foráil dó, eadhon neamhniú an chomhaontaithe creidmheasa tomhaltóra, ar dá réir nach mbeidh le haisíoc ach an phríomhshuim a tugadh, comhréireach i gcásanna nach luaitear APR go sonrach sa chomhaontú creidmheasa a mhéid nach luaitear ann costas an ráthóra tráchtála arna roghnú ag an gcreidiúnaí, cé go luaitear APR i bhfoirm uimhreach i dtéacs an chomhaontaithe creidmheasa?

11.     An gcaithfear Airteagal 2(2) de Threoir 2009/138/CE 1 maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (“Treoir 2009/138/CE”), arna léamh i gcomhar le pointe 14 de Chuid A d’Iarscríbhinn 1 leis an Treoir sin, a léiriú sa chaoi gur “gníomhaíocht árachais” é de réir bhrí na Treorach sin é, gníomhaíocht lena ngabhann luach saothair arna saothrú go gairmiúil, ina n-íocann an chuideachta is ráthóir, i ngach cás mainneachtana, méid iomlán an chreidmheasa arna fháil ag tomhaltóir, arb é an príomhfhéichiúnaí agus ina n-íoctar an táille le gach tráthchuid creidmheasa, beag beann ar mhainneachtain an tomhaltóra?

12.    Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 11, an gcaithfear Airteagal 14(1) de Theoir 2009/138/CE a léiriú sa chaoi go bhfuil duine a shaothraíonn gníomhaíocht dá dtagraítear i gCeist 11 faoi oibleagáid údarú a fháil ó údaráis náisiúnta rialála atá freagrach as údaruithe a dheonú do árachóirí?

____________

1     IO 1993 L 95, lch.29.

1 Treoir 2005/29/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2005 L 149, lch. 22).

1 Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO 2008 L 133, lch. 66).

1 Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus an gnó sin a shaothrú (IO 2009 L 335, lch. 1).