Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Ondernemingsrechtbank Gent, afdeling Gent (an Bheilg) an 11 Iúil 2023 – DYKA Plastics NV v Fluvius System Operator CV

(Cás C-424/23, DYKA Plastics)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Ondernemingsrechtbank Gent, afdeling Gent

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: DYKA Plastics NV

Cosantóir: Fluvius System Operator CV

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 42(3) de Threoir 2014/24/AE 1 a léiriú sa chaoi gur liosta cuimsitheach é liosta na mbealaí ina gcaithfear na sonraíochtaí teicniúla a chur in iúl agus go bhfuil oibleagáid ar an údarás conarthach mar sin sonraíochtaí teicniúla dá gconarthaí poiblí a leagan síos ar cheann de na bealaí a liostaítear san fhoráil sin?

An gcaithfear Airteagal 42(4) de Threoir 2014/24/AE a léiriú sa chaoi nach mór a mheas go dtagann na tagairtí do phíobáin séarachais cré agus coincréite (de réir an chineáil gréasáin séarachais lena mbaineann) i sonraíochtaí teicniúla na nglaonna ar thairiscintí faoi thagairt amháin nó roinnt tagairtí a liostaítear san fhoráil sin, mar shampla, tagairtí do chineálacha faoi leith nó do tháirgeacht píobán faoi leith?

An gcaithfear Airteagal 42(4) de Threoir 2014/24/AE a léiriú sa chaoi go bhfuil an éifeacht atá riachtanach don fhoráil sin (is é sin “buntáiste a thabhairt do gnóthais áirithe nó do tháirgí áirithe nó iad a chur as an áireamh”) ag tagairtí i sonraíochtaí glaonna ar thairiscintí do tháirge aonair, mar shampla, píobáin séarachais cré agus concréite (de réir an chineáil gréasáin séarachais lena mbaineann), mar réitigh theicniúla shonracha, cheana féin, toisc go bhfuil sé d’éifeacht acu a eisiamh a priori, agus a chur faoi mhíbhuntáiste dá réir sin, gnóthais a thairgeann réitigh nach iad an táirge a fhorordaítear, cé go bhfuil roinnt gnóthas atá in iomaíocht lena chéile lánábalta chun an táirge a fhorordaítear a thairiscint, nó an gcaithfidh sé nach bhfuil aon chineál iomaíochta ar chor ar bith i dtaca leis an táirge atá i gceist, mar shampla, píobáin séarachais cré agus coincréite (de réir an chineáil gréasáin séarachais lena mbaineann), agus nach féidir an éifeacht dá dtagraítear thuas a bheith i gceist ach amháin má sheasann an táirge atá i gceist do ghnóthas faoi leith arb é an t-aon ghnóthas a thairgeann an táirge sin ar an margadh?

An gcaithfear Airteagal 42(2) de Threoir 2014/24/AE a léiriú sa chaoi go bhfágann sárú léirithe ar Airteagal 42(3) agus nó ar Airteagal 42(4) de Threoir 2014/24/AE, mar gheall ar úsáid a bhaint, go neamhdhleathach, as tagairtí i sonraíochtaí teicniúla na nglaonna ar thairiscintí (mar shampla, tagairtí do phíobáin séarachais cré agus concréite (de réir an chineáil gréasáin séarachais lena mbaineann) go mbeidh sárú freisin ar Airteagal 42(2) de Threoir 2014/24/AE agus ar Airteagal 18(1) de Threoir 2014/24/AE a bhaineann leis?

____________

1     Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO 2014 L 94, lch. 65).