Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Landesgericht Korneuburg (an Ostair) a taisceadh an 31 Deireadh Fómhair 2023 – E EAD v DW

(Cás C-650/23, Hembesler 1 )

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landesgericht Korneuburg

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir (cosantóir ag an gcéad chéim): E EAD

Freagróir (iarratasóir ag an gcéad chéim): DW

An cheist a tharchuirtear

An bhfuil Airteagal 7(1), Airteagal 4(3) agus Airteagal 2(j) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 1 le léiriú sa chaoi go gceanglaítear ar aeriompróir oibriúcháin paisinéir a chúiteamh i gcás, i gcomhthéacs turas láneagraithe, gur dheimhnigh paisinéir áirithint a rinne tionscnóir turais ar eitilt fillte, gur chuir an tionscnóir turais an paisinéir ar an eolas an lá roimh an eitilt (fillte) bheartaithe go ndearnadh an eitilt a athsceidealú mar gheall ar athrú ar an uimhir eitilte, ar uair na heitilte agus ar an gceann scríbe deiridh; níor tháinig an paisinéir i láthair don bhordáil don eitilt a cuireadh in áirithe faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Rialachán; ach chuaigh an eitilt a cuireadh in áirithe ar dtús ar aghaidh mar a bheartaíodh agus bheadh an paisinéir glactha ag an aeriompróir dá mbeadh sé tagtha i láthair don bhordáil faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Rialachán?

____________

1 Tugtar ainm bréige sa chás seo nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO 2004 L 46, lch. 1).