Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Okręgowy w Opolu (an Pholainn) a taisceadh an 7 Eanáir 2022 – OP
(Cás C-21/22)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Sąd Okręgowy w Opolu
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: OP
Cosantóir: Notariusz Justyna Gawlica
Na ceisteanna a tharchuirtear
An gá Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le forfheidhmiú ionstraimí barántúla in ábhair chomharbais, agus maidir le Deimhnithe Eorpaigh Comharbais a chruthú, a léirmhíniú amhail is go bhfuil daoine nach saoránaigh den Aontas Eorpach i dteideal dlí a dtíre náisiúntachta a roghnú mar an dlí lena rialófar gach ábhar a bhaineann le comharbas? 1
An gá forálacha comhcheangailte Airteagail 75 agus 22 de Rialachán Uimh. 650/2021 a léirmhíniú amhail is go gciallaítear leo, i gcás comhaontú déthaobhach idir Ballstát agus tríú tír nach rialaítear an rogha dlí is infheidhme leis maidir le cás a bhaineann le comharbas ach lena sonraítear an dlí is infheidhme sa chás sin, go bhféadfaidh náisiúnaigh den tríú tír sin a chónaíonn i mBallstát atá faoi cheangal an chomhaontú dhéthaobhaigh sin an dlí is infheidhme a roghnú?
____________
1 IO 2012 L 201, lch. 107.